|
+Airteagal 33 3. |
Airteagal 33 3.Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí ábhartha rialála, maoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme, réitigh, ar chleachtais forfheidhmiúcháin, agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid is ábhartha iad do mheasúnuithe riosca-bhunaithe coibhéise, ar ina leith a ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise sin agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós. Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Mhaoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar na torthaí maidir leis na gníomhaíochtaí faireacháin a rinneadh ar gach tríú tír choibhéiseach. Leagfar béim go háirithe sa tuarascáil ar na himpleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó, i gcás inarb infheidhme, réitigh, nó na cleachtais forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|