+Airteagal 35 Faisnéis a bhailiú
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.
---+Airteagal 35 7a.
|
Airteagal 35 Faisnéis a bhailiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás i bhformáidí sonraithe, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha. Beidh an fhaisnéis cruinn, comhleanúnach, iomlán agus tráthúil.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófar faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe nó trí bhíthin theimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna tuairiscithe.
|
|
Airteagal 35 3.
|
Tar éis don Údarás iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil go cuí ó údarás inniúil, soláthróidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach lena chumasú don údarás inniúil a chuid cúraimí a chomhall, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.
|
|
Airteagal 35 4.
|
Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon dúbailt ar na ceanglais tuairiscithe, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.
|
|
Airteagal 35 5.
|
I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis ar fáil ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú chuig údaráis mhaoirseachta eile, chuig an aireacht atá freagrach as airgeadas i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil aici, chuig an mbanc ceannais náisiúnta nó chuig an oifig staidrimh sa Bhallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 35 6.
|
I gcás nach mbeidh faisnéis iomlán nó chruinn ar fáil nó nach soláthraítear í ar bhealach tráthúil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5, féadfaidh an tÚdarás faisnéis a iarraidh trí iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, go díreach uathu siúd a leanas:
(a)
institiúidí airgeadais ábhartha;
(b)
cuideachtaí sealúchais nó brainsí 'institiúide airgeadais ábhartha;
(c)
eintitis oibríochta neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta atá suntasach ó thaobh ghníomhaíochtaí airgeadais na n-institiúidí airgeadais ábhartha.
Soláthróidh seolaithe iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.
▼B
Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.
Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.
|
|
Airteagal 35 7.
|
Ní fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fhaightear faoin Airteagal seo a úsáid ach amháin chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 35 7a.
|
I gcás nach ndéanann seolaithe iarrataí faoi mhír 6 faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán a chur ar fáil go pras, cuirfidh an tÚdarás in iúl don Bhanc Ceannais Eorpach nuair is infheidhme agus do na húdaráis ábhartha sna Ballstáit lena mbaineann a chomhoibreoidh, faoi réir an dlí náisiúnta, leis an Údarás d'fhonn rochtain iomlán ar an bhfaisnéis a chinntiú agus ar aon doiciméid, leabhair nó taifid tionscnaimh ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag na seolaithe d'fhonn an fhaisnéis a fhíorú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|