Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis don Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad leis na rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (
25
) (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla a bhunú. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.
▼B
Féadfaidh na comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.