+Airteagal 37 An Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 3a.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.

Airteagal 37 An Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.
Chun cabhrú le comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a éascú i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta. Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus, a mhéad nach mbaineann siad le hinstitiúidí airgeadais aonair, gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 16 i dtaca le treoirlínte agus moltaí. Más rud é nach mór gníomhaíochtaí a dhéanamh go práinneach agus nach mbeifear in ann dul i mbun comhairliúcháin, cuirfear an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar an eolas a luaithe is féidir.

Buailfidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta le chéile ar a thionscnamh féin de réir mar is gá, agus i gcás ar bith ar a laghad ceithre huaire sa bhliain.

Airteagal 37 2.

Beidh 30 comhalta sa Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta. Is éard a bheidh sna 30 comhalta sin:

(a) 

13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht go cothrom d’institiúidí airgeadais a oibríonn san Aontas, comhaltaí a ndéanfaidh triúr díobh ionadaíocht ar bhainc chomhair agus taisce;

(b) 

13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht d’ionadaithe institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú san Aontas, fostaithe, tomhaltóirí, úsáideoirí seirbhísí baincéireachta agus ionadaithe FBManna; agus

(c) 

is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha a bheidh i gceathrar comhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta.

Airteagal 37 3.
Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Le linn a chinneadh a dhéanamh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, léiriú iomchuí ar an éagsúlacht san earnáil baincéireachta, cothromaíocht chuí ar bhonn tíreolaíoch agus inscne agus ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta.
Airteagal 37 3a.
Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a thoghfaidh Cathaoirleach as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar Chathaoirleach an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air aon uair a iarrfar sin.

Airteagal 37 4.

Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis don Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad leis na rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 25 ) (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla a bhunú. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

▼B

Féadfaidh na comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.

Airteagal 37 5.
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta comhairle a thabhairt don Údarás ar aon ábhar a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus aird ar leith á tabhairt ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 10 go 16, 29, 30 agus 32.

I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na ÚEManna faoi Airteagal 56 seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.

Airteagal 37 6.
Glacfaidh an Grúpaí Geallsealbhóirí Baincéireachta a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.
Airteagal 37 7.
Déanfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis faoin gcaoi a gcuirtear comhairle agus torthaí na gcomhairliúchán san áireamh a phoibliú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.