+Airteagal 40 Comhdhéanamh
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 4a.
---+Airteagal 40 5.
---+Airteagal 40 6.
---+Airteagal 40 7.
---+Airteagal 40 8.

Airteagal 40 Comhdhéanamh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1.

Beidh an Bord Maoirseoirí comhdhéanta díobh seo a leanas:

▼M8

(a) 

an Cathaoirleach;

▼B

(b) 

ceann an údaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil as maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí creidmheasa i ngach Ballstát agus tiocfaidh siad le chéile i bpearsa dhá uair ar a laghad sa bhliain;

(c) 

ionadaí amháin thar ceann an Choimisiúin agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

▼M1

(d) 

ionadaí amháin arna ainmniú ag Bord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus nach mbeidh ábalta vóta a chaitheamh;

▼B

(e) 

ionadaí amháin thar ceann an BERS agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(f) 

ionadaí amháin faoi seach thar ceann gach ceann den dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, agus ní bheidh aon vóta ag na hionadaithe sin.

Airteagal 40 2.
Comórfaidh an Bord Maoirseoirí cruinnithe leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta go rialta, agus dhá uair ar a laghad sa bhliain.
Airteagal 40 3.
Beidh gach údarás inniúil freagrach as malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, agus féadfaidh an malartach sin ionad an chomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a ghlacadh, nuair nach féidir leis an duine sin freastal ar chruinniú.
Airteagal 40 4.
I gcás nach banc ceannais é an t-údarás dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh ionadaí ó bhanc ceannais an Bhallstáit a thabhairt in éineacht leis, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.
Airteagal 40 4a.
I bpléití nach mbaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mar a fhoráiltear in Airteagal 44(4), féadfaidh ionadaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh ag a bhfuil saineolas maidir le cúraimí baincéireachta ceannais a bheith i dteannta an ionadaí arna ainmniú ag Bord Maoirseoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Airteagal 40 5.
I gcás na mBallstát ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as an maoirseacht de réir an Rialacháin seo, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann. Mar sin féin, nuair nach dtagann mír atá le plé ag an mBord Maoirseoirí faoi réim inniúlacht an údaráis náisiúnta a bhfuil an comhalta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ina ionadaí thar a cheann, féadfaidh an comhalta sin ionadaí ón údarás náisiúnta ábhartha a thabhairt leis, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.
Airteagal 40 6.
Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Threoir 94/19/CE, féadfaidh ionadaí thar ceann na gcomhlachtaí ábhartha a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

For the purpose of acting within the scope of Directive 2014/59/EU, the member of the Board of Supervisors referred to in point (b) of paragraph 1 may, where appropriate, be accompanied by a representative from the resolution authority in each Member State, who shall be non-voting.

Chun go ngníomhóidh sé laistigh de raon feidhme Threoir 2014/59/AE, beidh Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair ina bhreathnadóir don Bhord Stiúrthóirí.

Airteagal 40 7.

►M10  Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach. Go háirithe, tabharfaidh an Bord Maoirseoirí cead isteach d’ionadaí ón Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ) i gcás ina ndéanfar ábhair a thagann faoina shainordú a phlé nó a chinneadh. ◄

Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí ach ní bheidh ceart vótála aige.

Airteagal 40 8.
I gcás nach bhfuil an t-údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.