+Airteagal 44 3b.

Airteagal 44 3b.

Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 19, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar an gcinneadh atá molta trí úsáid a bhaint as nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar go mbeidh an cinneadh atá beartaithe glactha mura ndéanfaidh tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach, nó tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má dhéanann triúr comhaltaí den Bhord Maoirseoirí agóid i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, pléifidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh agus féadfar é a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil an cead vótála acu, a n-áireofar iontu tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír , ón dáta arb ó Bhallstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad ceithre chomhalta a bhfuil vóta acu nó níos lú, glacfar cinneadh trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é ina mbeidh vóta amháin ar a laghad ó chomhaltaí údarás inniúil na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.