+Airteagal 44 Cinnteoireacht
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
---+Airteagal 44 3a.
---+Airteagal 44 3b.
---+Airteagal 44 4.
---+Airteagal 44 4a.
|
Airteagal 44 Cinnteoireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 44 1.
|
Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagail 10 go 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo agus, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlach cáilithe dá chomhaltaí, de réir mar a shainmhínítear sin in Airteagal 16(4) den CAE agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, lena n-áireofar tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (‘Ballstáit rannpháirteacha’) agus tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin nach Ballstáit rannpháirteacha iad (‘Ballstáit neamh-rannpháirteacha’). Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír. Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus tograí a Chathaoirligh á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é lena n-áireofar tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach, agus trí thromlach simplí a chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.
|
|
Airteagal 44 2.
|
Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon trian de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.
|
|
Airteagal 44 3.
|
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.
|
|
Airteagal 44 3a.
|
Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagal 30, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar na cinntí atá molta trí úsáid a bhaint as nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar gur glacadh pé cinneadh a moladh murab é go ndéanfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má chuireann triúr de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cead vótála acu i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh a phlé agus a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 44 3b.
|
Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 19, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar an gcinneadh atá molta trí úsáid a bhaint as nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar go mbeidh an cinneadh atá beartaithe glactha mura ndéanfaidh tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach, nó tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má dhéanann triúr comhaltaí den Bhord Maoirseoirí agóid i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, pléifidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh agus féadfar é a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil an cead vótála acu, a n-áireofar iontu tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach. De mhaolú ar an gcéad fhomhír , ón dáta arb ó Bhallstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad ceithre chomhalta a bhfuil vóta acu nó níos lú, glacfar cinneadh trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é ina mbeidh vóta amháin ar a laghad ó chomhaltaí údarás inniúil na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.
|
|
Airteagal 44 4.
|
Ní fhreastalóidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí ar aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.
|
|
Airteagal 44 4a.
|
Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a dhícheall teacht ar chomhthoil nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|