+Airteagal 47 Cúraimí
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 3a.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
---+Airteagal 47 6.
---+Airteagal 47 7.
---+Airteagal 47 8.
---+Airteagal 47 9.

Airteagal 47 Cúraimí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47 1.
Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go gcomhlíonfadh sé na cúraimí a shanntar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 47 2.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.
Airteagal 47 3.
Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.
Airteagal 47 3a.
Féadfaidh an Bord Bainistíochta scrúdú a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh agus tograí a dhéanamh maidir le gach ábhar seachas cúraimí arna leagan síos in Airteagail 9a, 9b, 30 mar aon le hAirteagail 17 agus 19 maidir le hábhair a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche airgead a sciúradh agus chun críche sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.
Airteagal 47 4.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta plean beartais foirne an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), na bearta cur chun feidhme is gá ó na Rialacháin Foirne.
Airteagal 47 5.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.
Airteagal 47 6.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.
Airteagal 47 7.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.
Airteagal 47 8.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5), agus togra ón mBord Maoirseoirí á chur san áireamh go cuí.
Airteagal 47 9.
Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas.Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.