|
+Article 10 4a. |
Article 10 4a.Ina theannta sin, le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, d’fhéadfadh údar a bheith le neamhúsáid sliotán de dheasca srianta, arna dtabhairt isteach ag na húdaráis phoiblí, a bhfuil sé i gceist leo dul i ngleic le mórstaid eipidéimeolaíoch, tubaiste nádúrtha nó corraíl pholaitiúil ag ceann scríbe amháin de bhealach a raibh sé i gceist nó beartaithe an sliotán i dtrácht a oibriú, ar choinníoll go mbeadh tionchar mór ag na srianta sin ar an bhféidearthacht taistil, nó ar an éileamh ar thaisteal, agus go bhféadfadh, ar na bealaí lena mbaineann, aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith mar thoradh ar na srianta:
(a)
an teorainn, an t-aerfort nó an t-aerspás a bheith dúnta i bpáirt nó go hiomlán le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha;
(b)
dianbhac ar chumas paisinéirí taisteal le haon iompróir ar an mbealach díreach sin le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha, mar shampla, i gcás ina mbeadh an bac nasctha le haon cheann de na cúiseanna seo a leanas:
—
srianta taistil bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe, toirmeasc ar gach taisteal seachas taisteal bunriachtanach, nó toirmeasc ar eitiltí ó thíortha nó limistéir gheografacha áirithe nó chucu,
—
srianta gluaiseachta, nó bearta coraintín nó leithlisithe, laistigh den tír nó réigiún ina bhfuil aerfort an chinn scríbe lonnaithe (lena n-áirítear pointí idirmheánacha), mura féidir coraintín a sheachaint le tástáil dhiúltach, cruthúnas téarnaimh nó cruthúnas vacsaínithe arna aithint ag an Aontas,
—
srianta ar infhaighteacht na seirbhísí atá bunriachtanach chun tacú go díreach le hoibriú aersheirbhíse, lena n-áirítear seirbhísí fáilteachais agus seirbhísí poiblí a dhúnadh, lena n-áirítear iompar, arb é a bheidh mar thoradh orthu géarchor chun donais ar éileamh ag ceachtar de dá cheann an bhealaigh,
—
teorainneacha ar líon na bpaisinéirí in aghaidh na heitilte agus ar mhinicíochtaí in aghaidh an aeriompróra arb é a bheidh mar thoradh orthu géarchor chun donais ar éileamh ag ceachtar ceann den bhealach;
(c)
srianta ar ghluaiseachtaí criú aerlíne a chuireann isteach go mór ar oibriú aersheirbhísí ó aerfoirt a bhfreastalaítear orthu nó chucu, lena n-áirítear toirmisc thobann ar iontráil nó sáinniú criú gan choinne de dheasca bearta coraintín, mura féidir coraintín a sheachaint le tástáil dhiúltach, cruthúnas téarnaimh nó cruthúnas vaicsínithe arna aithint ag an Aontas. Beidh feidhm ag an mír seo don tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag na srianta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar feadh suas le 6 seachtaine breise, faoi réir an tríú agus an ceathrú fomhír. Mar sin féin, i gcás ina scoirfidh na srianta sin d’fheidhm a bheith acu tráth nach lú ná 6 seachtaine roimh dheireadh na tréimhse sceidealaithe, ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an gcuid den tréimhse 6 seachtaine atá fágtha ach amháin i gcás ina n-úsáidfear na sliotáin don tréimhse sceidealaithe ina dhiaidh sin don bhealach céanna. Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le sliotáin a úsáidtear le haghaidh bealaí ar lena n-aghaidh a úsáideadh iad roimh fhoilsiú na srianta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Scoirfidh an mhír seo d’fheidhm a bheith aici nuair a dhéanfaidh an t-aeriompróir, agus na sliotáin i dtrácht á n-úsáid aige, an bealach nach ndéanann na srianta dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear dó a athrú. Nuair a chuireann tromlach na mBallstát, a ionadaíonn do 50 % ar a laghad de dhaonra an Aontais, srianta i bhfeidhm da dtagraítear sa chéad fhomhír, a bhfuil tionchar suntasach acu ar an bhféidearthacht taisteal nó ar an éileamh ar thaisteal agus as a leanann aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír, maidir le gach comhordaitheoir, bunaithe ar chinneadh d’aon toil ó chomhordaitheoirí na n-aerfort uile go bhfuil údar maith i gcoitinne le neamhúsáid sliotán agus go bhfuil fógra tugtha don Choimisiún agus do na Ballstáit ina leith sin, féadfaidh siad an mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sliotáin uile atá ar seilbh ag na haerfoirt sin ar feadh ré na srianta atá i bhfeidhm agus ar feadh suas le 6 seachtaine breise, ar choinníoll go ndéanfaidh na srianta sin difear do líon suntasach bealaí chuig aerfort Comhphobail nó uaidh, rud a d’fhágfadh aerthrácht san Aontas neamh-inmharthana den chuid is mó nó go mbeadh míchothroime iomaíochta ann mar thoradh air.. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|