|
Gan dochar d’Airteagal 10(4) agus (4a), más rud é nach féidir le haeriompróir an ráta úsáide 80 % mar atá sainmhínithe in Airteagal 8(2) a bhaint amach, féadfaidh an comhordaitheoir a chinneadh an tsraith sliotán i dtrácht a tharraingt siar ón aeriompróir sin don chuid sin den tréimhse sceidealaithe atá fágtha agus na sliotáin a chur leis an gcomhthiomsú, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann. Gan dochar d’Airteagal 10(4) agus (4a), más rud é nár úsáideadh aon sliotán den tsraith sliotán sin tar éis tréimhse leithroinnte a fhreagraíonn do 20 % de thréimhse bhailíocht na sraithe, cuirfidh an comhordaitheoir an tsraith sliotán sin i dtrácht leis an gcomhthiomsú don tréimhse sceidealaithe atá fágtha, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann. Le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, i gcás ina gcinneann comhordaitheoir, ar bhonn faisnéise atá ar fáil dó, go bhfuil deireadh curtha ag aeriompróir lena oibríochtaí ag aerfort agus nach bhfuil sé in ann na sliotáin a leithroinneadhair a oibriú, déanfaidh an comhordaitheoir an tsraith sliotán i dtrácht a tharraingt siar ón aeriompróir sin don chuid eile den tréimhse sceidealaithe agus cuirfidh sé leis an gcomhthiomsú iad, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann. Le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, i gcás ina gcinneann comhordaitheoir, ar bhonn faisnéise atá ar fáil dó, go bhfuil aeriompróir atá faoi réir na mbeart sriantach arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, lena n-áirítear iad siúd atá i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2022, nó go bhfuil aeriompróir atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas agus a liostaítear in Iarscríbhinn A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, nach féidir leis sliotáin a oibriú ar feadh cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe, déanfaidh an comhordaitheoir, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann, an tsraith sliotán i dtrácht a tharraingt siar ón aeriompróir sin don chuid den tréimhse sceidealaithe atá fágtha agus cuirfidh sé an tsraith sliotán leis an gcomhthiomsú. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil aeriompróir faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas agus ina liostaítear é in Iarscríbhinn A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, agus i gcás ina gceadaítear dó aerárthaí léasa fhliuch a oibriú, ar aerárthaí de chuid aeriompróra é nach gcuireann bearta sriantacha den sórt sin bac ar a gcuid oibríochtaí agus nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an gceathrú fomhír den mhír seo maidir le sliotáin an iompróra sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na rialacha sábháilteachta is infheidhme san Aontas.
|