+Airteagal 15 Tuairisciú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.

Airteagal 15 Tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 5(2), (5) agus (6) le haghaidh gach bliain féilire a thuairisciú don Choimisiún.

Déanfaidh siad na sonraí a thuairisciú go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a ndéanfar na sonraí a bhailiú ina leith. Déanfar na sonraí a thuairisciú san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe maidir le hAirteagal 5(5) agus (6) a chur chun feidhme sa chéad bhliain féilire iomlán tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid don tuairisciú, i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, agus cumhdóidh sé na sonraí don tréimhse tuairiscithe sin.

Airteagal 15 2.
Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 5(2) a thuairisciú go dtí an 1 Eanáir 2025.
Airteagal 15 3.
Beidh tuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht ag gabháil leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 15 4.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí a athbhreithnithe. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú an bhailithe sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfar moltaí sonracha le haghaidh feabhais a áireamh sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis chéad thuairisciú na sonraí ag na Ballstáit agus gach 4 bliana dá éis sin.
Airteagal 15 5.
Faoin 31 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí a thuairisciú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.08.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:31999L0031
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.