|
+IARSCRÍBHINN IV |
IARSCRÍBHINN IV
IARSCRÍBHINN IV PLEAN CUR CHUN FEIDHME ATÁ LE TÍOLACADH DE BHUN AIRTEAGAL 5(6) Beidh an méid seo a leanas sa phlean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 5(6):
1.
measúnú ar na rátaí a bhí ann, na rátaí reatha agus na rátaí atá réamh-mheasta i dtaca le hathchúrsáil, cur i líonadh talún agus cóireáil eile ar dhramhaíl chathrach agus ar na sruthanna a bhfuil sí comhdhéanta díobh;
2.
measunú ar chur chun feidhme pleananna bainistithe dramhaíola agus clár coiscthe dramhaíola atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE;
3.
cúiseanna a mheasann an Ballstát go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ábalta an sprioc ábhartha a leagtar síos in Airteagal 5(5) a bhaint amach laistigh den spriocdháta a leagtar amach ann agus measúnú ar an síneadh ama is gá chun an sprioc sin a bhaint amach;
4.
na bearta is gá chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 5(8) den Treoir seo a bhaint amach, ar spriocanna iad is infheidhme maidir leis an mBallstát le linn an tsínidh ama, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha iomchuí agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach é in Airteagal 4(1) de Threoir 2008/98/CE, agus Iarscríbhinn IVa a ghabhann léi, a chur i bhfeidhm;
5.
clár ama chun na bearta a shainaithnítear i bpointe 4 a chur chun feidhme, chun an comhlacht atá inniúil maidir lena gcur chun feidhme a chinneadh, agus chun measúnú a dhéanamh ar a rannchuidiú aonair chun na spriocanna is infheidhme a bhaint amach i gcás síneadh ama;
6.
faisnéis maidir le cistiú le haghaidh bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;
7.
bearta chun cáilíocht sonraí a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, d’fhonn pleanáil níos fearr agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht i mbainistiú dramhaíola. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|