Cinnfidh an Coimisiún cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i ndáil le hoibreoirí aerárthaí don bhliain 2024 ar bhonn leithdháileadh iomlán na lamháltas i ndáil le hoibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I sa bhliain 2023, arna laghdú de réir an fhachtóra laghdaithe línigh dá dtagraítear in Airteagal 9, agus foilseoidh sé an chainníocht sin, chomh maith le méid an lamháltais saor in aisce a bheadh i bhfeidhm in 2024 faoi na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a bhí i bhfeidhm roimh na leasuithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
).