|
+Article 3c 6. |
Article 3c 6.Don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, déanfar uasmhéid 20 milliún de chainníocht iomlán na lamháltas dá dtagraítear i mír 5 a chur i leataobh i leith oibreoirí aerárthaí tráchtála, ar bhonn trédhearcach, córa comhionainne agus neamh-idirdhealaitheach, chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus breoslaí eitlíochta eile nach ndíorthaítear ó bhreoslaí iontaise, arna sainaithint i rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe mar bhreoslaí a chuirtear san áireamh le haghaidh sciar íosta na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhaint amach a cheanglaítear, faoin Rialachán sin, a bheith i mbreosla eitlíochta a chuireann soláthróirí breosla eitlíochta ar fáil d’oibreoirí aerárthaí in aerfoirt an Aontais, a úsáid le haghaidh eitiltí foshonacha nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Treoir seo. I gcás nach féidir breosla eitlíochta incháilithe a shannadh go fisiciúil in aerfort d’eitilt shonrach, beidh na lamháltais a chuirtear i leataobh faoin bhfomhír seo ar fáil do bhreoslaí eitlíochta incháilithe arna gcur ar bord ag an aerfort sin i gcomhréir leis na hastaíochtaí ó eitiltí an oibreora aerárthaí ón aerfort sin nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Treoir seo. Leithdháilfidh na Ballstáit na lamháltais a chuirtear i leataobh faoin gcéad fhomhír den mhír seo chun cuid den difreálach praghsanna idir úsáid ceirisín iontaise agus úsáid na mbreoslaí eitlíochta incháilithe ábhartha, nó an difreálach praghsanna uile sin, a chumhdach, agus dreasachtaí ó thaobh phraghas an charbóin de agus ó thaobh íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais ar bhreoslaí iontaise de á gcur san áireamh. Agus an difreálach praghsanna sin á ríomh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuarascáil theicniúil arna foilsiú ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh faoi rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cistiú infheicthe faoin mír seo ar bhealach a chomhfhreagraíonn do na ceanglais atá in Airteagal 30m(1), pointí (a) agus (b), den Treoir seo. Leis na lamháltais a leithdháiltear faoin mír seo, cumhdófar an méid seo a leanas:
(a)
70 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus hidrigine ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, agus bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoi Iarscríbhinn IV nó faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir seo;
(b)
95 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2018/2001, a úsáidtear san eitlíocht, a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoi Iarscríbhinn IV nó faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir seo;
(c)
100 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus aon bhreosla eitlíochta incháilithe nach bhfuil díorthaithe ó bhreoslaí iontaise a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír den mhír seo, ag aerfoirt atá suite ar oileáin atá níos lú ná 10 000 km2 agus nach bhfuil aon nasc bóthair nó iarnróid acu leis an mórthír, ag aerfoirt nach bhfuil sách mór chun iad a shainmhíniú mar aerfoirt de chuid an Aontais i gcomhréir le rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe agus ag aerfoirt atá lonnaithe i gceann de na réigiúin is forimeallaí;
(d)
i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), 50 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus aon bhreosla eitlíochta incháilithe nach bhfuil díorthaithe ó bhreoslaí iontaise a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I leithdháileadh na lamháltas faoin mír seo, féadfar tacaíocht a d’fhéadfaí a fháil ó scéimeanna eile ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh. Ar bhonn bliantúil, féadfaidh oibreoirí aerárthaí tráchtála iarratas a dhéanamh ar leithdháileadh lamháltas atá bunaithe ar chainníocht gach breosla eitlíochta incháilithe dá dtagraítear sa mhír seo a úsáidtear ar eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2030, cé is moite d’eitiltí a meastar an ceanglas sin a bheith comhlíonta ina leith de bhun Airteagal 28a(1). Más rud é, i mbliain áirithe, go bhfuil an t-éileamh ar lamháltais le haghaidh úsáid breoslaí den sórt sin níos airde ná na lamháltais atá ar fáil, laghdófar cainníocht na lamháltas ar bhealach aonfhoirmeach do na hoibreoirí aerárthaí uile a mbaineann leithdháileadh na bliana sin leo. Foilseoidh an Coimisiún, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, na mionsonraí maidir leis an meándifríocht ó thaobh costais de idir ceirisín iontaise, agus aird á tabhairt ar dhreasachtaí ó thaobh phraghas an charbóin agus íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais ar bhreoslaí iontaise de, agus ar na breoslaí eitlíochta incháilithe ábhartha, ar bhonn bliantúil don bhliain roimhe sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le ríomh bliantúil na difríochta ó thaobh costais de dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo, maidir le leithdháileadh na lamháltas le haghaidh úsáid na mbreoslaí a shainaithnítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus maidir le ríomh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna spáráil mar thoradh ar úsáid breoslaí mar a thuairiscítear faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(1), agus trí na socruithe a bhunú chun dreasachtaí ó thaobh phraghas an charbóin agus íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais ar bhreoslaí iontaise de a chur san áireamh. Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht maidir le cur i bhfeidhm na míre seo agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthúil. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil chun méid lamháltas a leithdháileadh a mbeadh uasteorainn agus teorainn ama leo go dtí an 31 Nollaig 2034 chun úsáid na mbreoslaí a shainaithnítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhreasú tuilleadh, go háirithe úsáid na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2018/2001, ar breoslaí iad a úsáidtear san eitlíocht, agus a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoi Iarscríbhinn IV nó faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir seo. Ón 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na míre seo sa tuarascáil bhliantúil a cheanglaítear air a thíolacadh de bhun Airteagal 10(5). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|