+Airteagal 3ga 2.
|
Airteagal 3ga 2.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de na calafoirt thrasloingsithe coimeádán chomharsanacha a bhunú agus an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta faoin 31 Nollaig gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Liostófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin calafort mar calafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta ina bhfuil sciar an trasloingsithe de choimeádáin, arna thomhas in aonaid choibhéiseacha fiche troigh, níos mó ná 65 % de thrácht iomlán coimeádáin an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí a bhfuil sonraí ábhartha ar fáil ina leith agus i gcás ina bhfuil an calafort sin lonnaithe lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit. Chun críocha na míre seo, measfar gur trasloingsíodh coimeádáin nuair a dhíluchtófar iad ó long go calafort chun iad a luchtú ar long eile agus chun na críche sin amháin. Ní áireofar ar an liosta arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun na chéad fhomhíre calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a gcuireann an tríú tír sin bearta atá coibhéiseach leis an Treoir seo i bhfeidhm go héifeachtach ina leith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|