+Airteagal 3ga Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair
---+Airteagal 3ga 1.
---+Airteagal 3ga 2.
---+Airteagal 3ga 3.
|
Airteagal 3ga Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3ga 1.
|
Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa laistigh de chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit.
|
|
Airteagal 3ga 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de na calafoirt thrasloingsithe coimeádán chomharsanacha a bhunú agus an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta faoin 31 Nollaig gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Liostófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin calafort mar calafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta ina bhfuil sciar an trasloingsithe de choimeádáin, arna thomhas in aonaid choibhéiseacha fiche troigh, níos mó ná 65 % de thrácht iomlán coimeádáin an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí a bhfuil sonraí ábhartha ar fáil ina leith agus i gcás ina bhfuil an calafort sin lonnaithe lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit. Chun críocha na míre seo, measfar gur trasloingsíodh coimeádáin nuair a dhíluchtófar iad ó long go calafort chun iad a luchtú ar long eile agus chun na críche sin amháin. Ní áireofar ar an liosta arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun na chéad fhomhíre calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a gcuireann an tríú tír sin bearta atá coibhéiseach leis an Treoir seo i bhfeidhm go héifeachtach ina leith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).
|
|
Airteagal 3ga 3.
|
Beidh feidhm ag Airteagail 9, 9a agus 10 maidir le gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcaoi chéanna agus atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le CTA AE ach amháin leis an eisceacht seo a leanas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10. Go dtí an 31 Nollaig 2030, sannfar sciar lamháltas do Bhallstáit inarb ionann an cóimheas idir líon na gcuideachtaí loingseoireachta a bhí le bheith faoina bhfreagracht de bhun Airteagal 3gf agus a ndaonra faoi seach in 2020, bunaithe ar shonraí atá ar fáil don tréimhse ó 2018 go 2020, agus os cionn 15 chuideachta loingseoireachta in aghaidh an mhilliúin áitritheoir. Beidh cainníocht na lamháltas ag freagairt do 3,5 % de mhéid breise na lamháltas i ngeall ar an méadú ar an uasteorainn le haghaidh iompar muirí dá dtagraítear in Airteagal 9, an tríú mír sa bhliain ábhartha. Do na blianta 2024 agus 2025, déanfar cainníocht na lamháltas a iolrú freisin faoi na céatadáin is infheidhme maidir leis an mbliain ábhartha de bhun Airteagal 3gb, an chéad mhír, pointí (a) agus (b). Ba cheart an t-ioncam ó cheantáil sciar na lamháltas sin a úsáid chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 10(3), an chéad fhomhír, pointe (g), maidir leis an earnáil mhuirí, agus pointí (f) agus (i). Dáilfear 50 % de chainníocht na lamháltas i measc na mBallstát ábhartha bunaithe ar sciar na gcuideachtaí loingseoireachta faoina gcúram agus dáilfear an fuílleach orthu ina scaireanna comhionanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|