|
+Airteagal 3gg 1. |
Airteagal 3gg 1.I gcás ina nglacfaidh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) beart domhanda margadhbhunaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar a laghdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir seo i bhfianaise an beart sin arna ghlacadh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 18 mí ón dáta a nglacfar an beart domhanda margadhbhunaithe sin agus sula mbeidh sé oibríochtúil. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún an bearta domhanda margadhbhunaithe i dtaca leis an méid seo a leanas:
(a)
a uaillmhian i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras;
(b)
a shláine comhshaoil fhoriomlán, lena n-áirítear i gcomparáid le forálacha na Treorach seo lena gcumhdaítear iompar muirí, agus
(c)
agus aon saincheist a bhaineann le comhleanúnachas CTA AE agus an beart sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur leis an tuarascáil dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo chun leasú a dhéanamh ar an Threoir seo ar bhealach atá comhsheasmhach le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus leis an gcuspóir aeráidneodrachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 agus é mar aidhm sláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais ar son na haeráide a chaomhnú, chun comhleanúnachas a áirithiú idir cur chun feidhme birt dhomhanda margadhbhunaithe agus CTA AE, agus aon ualach dúbailte suntasach á sheachaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|