+Airteagal 3gg Tuairisciú agus athbhreithniú
---+Airteagal 3gg 1.
---+Airteagal 3gg 2.
---+Airteagal 3gg 3.
---+Airteagal 3gg 4.
---+Airteagal 3gg 5.
|
Airteagal 3gg Tuairisciú agus athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3gg 1.
|
I gcás ina nglacfaidh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) beart domhanda margadhbhunaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar a laghdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir seo i bhfianaise an beart sin arna ghlacadh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 18 mí ón dáta a nglacfar an beart domhanda margadhbhunaithe sin agus sula mbeidh sé oibríochtúil. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún an bearta domhanda margadhbhunaithe i dtaca leis an méid seo a leanas:
(a)
a uaillmhian i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras;
(b)
a shláine comhshaoil fhoriomlán, lena n-áirítear i gcomparáid le forálacha na Treorach seo lena gcumhdaítear iompar muirí, agus
(c)
agus aon saincheist a bhaineann le comhleanúnachas CTA AE agus an beart sin.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur leis an tuarascáil dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo chun leasú a dhéanamh ar an Threoir seo ar bhealach atá comhsheasmhach le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus leis an gcuspóir aeráidneodrachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 agus é mar aidhm sláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais ar son na haeráide a chaomhnú, chun comhleanúnachas a áirithiú idir cur chun feidhme birt dhomhanda margadhbhunaithe agus CTA AE, agus aon ualach dúbailte suntasach á sheachaint.
|
|
Airteagal 3gg 2.
|
I gcás nach nglacfaidh IMO faoi 2028 beart domhanda margadhbhunaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus ar laghad go leibhéal atá inchomparáide leis an leibhéal a thagann as bearta an Aontais a dhéantar faoin Treoir seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé scrúdú ar an ngá atá le leithdháileadh lamháltas agus ceanglais tabhairt suas a chur i bhfeidhm i leith níos mó ná caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort cuarda atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras. Sa tuarascáil sin, breithneoidh an Coimisiún, go háirithe, an dul chun cinn atá déanta ar leibhéal IMO agus scrúdóidh sé an bhfuil beart margadhbhunaithe atá coibhéiseach leis an Treoir seo ag aon tríú tír agus déanfaidh sé measúnú ar an riosca a bhaineann le méadú ar chleachtais seachantacha, lena n-áirítear trí aistriú go modhanna eile iompair nó aistriú moil chalafoirt chuig calafoirt lasmuigh den Aontas. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun an Treoir seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 3gg 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Caibidle seo maidir le muiriompar, go háirithe chun iompar imghabhála a bhrath chun cosc a chur ar iompar den sórt sin ag céim luath, lena n-áirítear trí aird a thabhairt ar na réigiún is forimeallaí, agus tuairisceoidh sé go débhliantúil ón … [an bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] ar chur chun feidhme na Caibidle seo maidir le muiriompar agus ar threochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le cuideachtaí loingseoireachta atá ag iarraidh ceanglais na Treorach seo a sheachaint. Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar thionchair maidir le, inter alia, méaduithe féideartha ar chostais iompair, saobhadh margaidh agus athruithe ar thrácht calafoirt, amhail seachaint calafoirt agus aistrithe mol trasloingsithe, iomaíochas foriomlán na hearnála muirí sna Ballstáit, agus go háirithe na tionchair ar na seirbhísí loingseoireachta sin a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha leanúnachais críche. Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún bearta chun cur chun feidhme éifeachtach na Caibidle seo maidir le muiriompar a áirithiú, go háirithe bearta chun aghaidh a thabhairt ar na treochtaí i ndáil le cuideachtaí loingseoireachta atá ag iarraidh ceanglais na Treorach seo a sheachaint.
|
|
Airteagal 3gg 4.
|
Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí atá sé síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 3 ga(3), an dara fomhír, tar éis an 31 Nollaig 2030 agus, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chuige sin.
|
|
Airteagal 3gg 5.
|
Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdóidh sé an bhféadfaí astaíochtaí ó longa, lena n-áirítear longa amach ón gcósta, faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun olltonnáiste 400, a áireamh sa Treoir seo agus ar an tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta a bheadh ann dá ndéanfaí amhlaidh, á chur go háirithe leis an anailís a ghabhann leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2015/757 atá le bheith ann faoi 31 Nollaig 2024. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin na hidirnaisc idir an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2015/757 agus bainfear leas as an taithí a fuarthas óna gcur i bhfeidhm. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún freisin an bealach is fearr chun úsáid breoslaí muirí inathnuaite agus ísealcharbóin ar bhonn saolré a mhíniú leis an Treoir seo. Más iomchuí, féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|