Déanfar 40 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 10 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10 den Treoir seo, a chur ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
23
). Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá ceaptha don Chiste Aeráide Sóisialta ar ceant in 2025 i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Treoir seo agus leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin. Beidh na hioncaim ón gceantáil sin ina n-ioncaim sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus úsáidfear é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta.