+Article 10a Transitional►M9Aontas◄-wide rules for harmonised free allocation
---+Article 10a 1.
---+Article 10a 1a.
---+Article 10a 2.
---+Article 10a 5.
---+Article 10a 5a.
---+Article 10a 5b.
---+Article 10a 6.
---+Article 10a 7.
---+Article 10a 8.
---+Article 10a 8a.
---+Article 10a 8b.
---+Article 10a 9.
---+Article 10a 11.
---+Article 10a 19.
---+Article 10a 20.
---+Article 10a 21.
---+Article 10a 22.
|
Article 10a Transitional►M9Aontas◄-wide rules for harmonised free allocation
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 10a 1.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na rialacha uile-Aontais atá comhchuibhithe go hiomlán le haghaidh leithdháileadh lamháltas dá dtagraítear i míreanna 4, 5, 7 agus 19 den Airteagal seo.
▼M4
The measures referred to in the first subparagraph shall, to the extent feasible, determine
►M9
Aontas ◄ -wide ex-ante benchmarks so as to ensure that allocation takes place in a manner that provides incentives for reductions in greenhouse gas emissions and energy efficient techniques, by taking account of the most efficient techniques, substitutes, alternative production processes, high efficiency cogeneration, efficient energy recovery of waste gases, use of biomass and capture and storage of CO2, where such facilities are available, and shall not provide incentives to increase emissions. No free allocation shall be made in respect of any electricity production, except for cases falling within Article 10c and electricity produced from waste gases.
▼M15
Má chumhdaítear suiteáil leis an oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh nó corás bainistithe fuinnimh deimhnithe a chur chun feidhme faoi Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
17
) agus mura gcuirtear moltaí na tuarascála iniúchóireachta nó an chórais bainistithe fuinnimh dheimhnithe chun feidhme, mura rud é gur faide ná 3 bliana an t-am aisíocaíochta do na hinfheistíochtaí ábhartha nó mura rud é go bhfuil costais na n-infheistíochtaí sin díréireach, ansin déanfar méid an leithdháilte saor in aisce a laghdú 20 %. Ní laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce má léiríonn oibreoir go bhfuil bearta eile curtha chun feidhme aige a bhfuil mar thoradh orthu laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil iniúchóra don suiteáil lena mbaineann nó an córas bainistithe fuinnimh dheimhnithe don suiteáil lena mbaineann.
Déanfaidh an Coimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí fhoráil a dhéanamh, sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo agus gan dochar do na rialacha is infheidhme faoi Threoir 2012/27/AE, do rialacha comhchuibhithe simplí riaracháin maidir le cur i bhfeidhm an tríú fomhír den mhír seo lena n-áirithítear nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm na coinníollachta dochar do chothrom iomaíochta, do shláine comhshaoil ná do chóir chomhionann idir suiteálacha ar fud an Aontais. Leis na rialacha comhchuibhithe sin, soláthrófar go háirithe amlínte, critéir chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a cuireadh chun feidhme a aithint agus bearta malartacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus úsáid á baint as an nós imeachta le haghaidh bearta náisiúnta cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Treoir seo.
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo, cuirfear an laghdú 20 % dá dtagraítear san fhomhír sin i bhfeidhm i gcás nach bhfuil, faoin 1 Bealtaine 2024, oibreoirí suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde ná an 80ú peircintíl de leibhéil astaíochtaí le haghaidh na dtagarmharcanna táirgí ábhartha tar éis plean aeráidneodrachta a bhunú le haghaidh gach ceann de na suiteálacha sin dá ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Beidh na heilimintí a shonraítear in Airteagal 10b(4) sa phlean sin agus bunófar é i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear san Airteagal sin. Léifear Airteagal 10b(4) mar thagairt don leibhéal suiteála amháin. Fíorófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear in Airteagal 10b(4), tríú fomhír, pointe (b), maidir leis an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus maidir le gach tréimhse a chríochnaíonn an 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fíorú agus creidiúnú dá bhforáiltear in Airteagal 15. Ní leithdháilfear aon lamháltais saor in aisce thar 80 % mura mbeidh gnóthú na spriocanna idirmheánacha agus na ngarspriocanna fíoraithe i leith na tréimhse suas go dtí deireadh 2025 nó i leith na tréimhse ó 2026 go 2030.
Lamháltais nach leithdháiltear mar gheall ar laghdú ar leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir leis an tríú agus leis an gcúigiú fomhír den mhír seo, úsáidfear iad chun suiteálacha a dhíolmhú ón gcoigeartú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. I gcás ina bhfanfaidh aon lamháltais den sórt sin, cuirfear 50 % de na lamháltais sin ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo. Cuirfear an 50 % eile de na lamháltais sin ar ceant i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Treoir seo agus ba cheart do na Ballstáit na hioncaim faoi seach a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar aon riosca iarmharach sceite carbóin sna hearnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, chun tacú leis an aistriú agus chun a ndícharbónú a chur chun cinn i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.
Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce do shuiteálacha in earnálacha nó i bhfo-earnálacha a mhéid go gcumhdaítear iad le bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2023/956+. Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú dá réir sin.
▼M15
I gcás gach earnála agus fo-earnála, i bprionsabal, déanfar an tagarmharc a ríomh do tháirgí seachas d’ionchuir, chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus coigilteas éifeachtúlachta fuinnimh a uasmhéadú le linn gach próisis táirgthe den earnáil nó den fho-earnáil lena mbaineann. Chun tuilleadh dreasachtaí a sholáthar chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun cothrom na Féinne a áirithiú do shuiteálacha lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí nua lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa go páirteach nó lena gcuirtear deireadh iomlán leo, agus suiteálacha lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí atá ann cheana, déanfar athbhreithniú ar na tagarmharcanna ex ante uile-Aontais dá gcur i bhfeidhm sa tréimhse ó 2026 go 2030, i bhfianaise an modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shainmhínithe agus teorainneacha córas na dtagarmharcanna táirge reatha, agus aird á tabhairt mar threoirphrionsabail ar acmhainneacht úsáide ciorclaigh ábhar agus gur cheart na tagarmharcanna a bheith neamhspleách ar an mbunábhar agus ar an gcineál próisis táirgthe, i gcás ina bhfuil an cuspóir céanna ag na próisis táirgthe. Déanfaidh an Coimisiún iarracht chun na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce a chinneadh i gcomhréir le mír 2, an tríú fomhír, a luaithe is féidir roimh thús na tréimhse ó 2026 go 2030.
▼M4
In defining the principles for setting ex-ante benchmarks in individual sectors and subsectors, the Commission shall consult the relevant stakeholders, including the sectors and subsectors concerned.
The Commission shall, upon the approval by the
►M9
Aontas ◄ of an international agreement on climate change leading to mandatory reductions of greenhouse gas emissions comparable to those of the
►M9
Aontas ◄ , review those measures to provide that free allocation is only to take place where this is fully justified in the light of that agreement.
|
|
Article 10a 1a.
|
Faoi réir chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956, ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce i ndáil le táirgeadh earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, le haghaidh na chéad bhlianta tar éis Rialachán (AE) 2023/956 a chur i bhfeidhm, tairbheoidh táirgeadh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin ó leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Cuirfear fachtóir lena laghdófar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na n-earraí sin i bhfeidhm (an fachtóir SCCT). Beidh fachtóir SCCT cothrom le 100 % don tréimhse idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin sin agus deireadh 2025, agus, faoi réir chur i bhfeidhm na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 36(2), pointe (b), den Rialachán sin, beidh sé cothrom le 97,5 % in 2026, 95 % in 2027, 90 % in 2028, 77,5 % in 2029, 51,5 % in 2030, 39 % in 2031, 26,5 % in 2032 agus 14 % in 2033. Ó 2034 ar aghaidh, ní bheidh feidhm ag aon fhachtóir SCCT. Déanfar an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce a ríomh gach bliain mar an meánsciar ar an éileamh ar leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956
+
i gcomparáid leis an éileamh iomlán ar leithdháileadh saor in aisce a ríomhtar le haghaidh na suiteálacah go léir, le haghaidh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Treoir seo. Cuirfear fachtóir SCCT i bhfeidhm sa ríomh seo. Cuirfear leithdháiltí a leanann as an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le mír 8. Faoin 31 Nollaig 2024 agus mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5) den Treoir seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an riosca sceite carbóin d’earraí atá faoi réir SCCT agus a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE ná sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar an riosca sceite carbóin in earnálacha a mbeidh feidhm ag SCCT, go háirithe ról agus glacadh luathaithe hidrigine, agus na forbairtí maidir le sreabha trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE nó sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach a chomhlíonann rialacha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, lena n-áirítear Airteagal XX den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil agus a chuireann dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh.
|
|
Article 10a 2.
|
In defining the principles for setting ex-ante benchmarks in individual sectors or subsectors, the starting point shall be the average performance of the 10 % most efficient installations in a sector or subsector in the
►M9
Aontas ◄ in the years 2007-2008. The Commission shall consult the relevant stakeholders, including the sectors and subsectors concerned.
The
►M9
gníomhartha ◄ pursuant to Articles 14 and 15 shall provide for harmonised rules on monitoring, reporting and verification of production-related greenhouse gas emissions with a view to determining the ex-ante benchmarks.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na luachanna leasaithe tagarmhairc a chinneadh le haghaidh saor-leithdháilte. Beidh na gníomhartha sin i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus comhlíonfar an méid seo a leanas leo:
(a)
Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar bhonn na faisnéise a thíolactar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2016 agus 2017. Ar bhonn comparáid idir na luachanna tagarmhairc sin agus na luachanna tagarmhairc atá i gCinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún (
18
), arna ghlacadh an 27 Aibreán 2011, cinnfidh an Coimisiún an ráta bliantúil maidir le laghdú le haghaidh gach tagarmhairc, agus cuirfidh sé i bhfeidhm é maidir leis na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 i leith gach bliana idir 2008 agus 2023 chun na luachanna tagarmhairc a chinneadh don tréimhse ó 2021 go 2025.
(b)
I gcás inar mó ná 1,6 % an ráta bliantúil maidir le laghdú nó i gcás inar lú ná 0,2 % é, is iad na luachanna tagarmhairc don tréimhse ó 2021 go 2025 na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 agus iad laghdaithe de cibé ceann den dá ráta is ábhartha i leith gach bliana idir 2008 agus 2023.
(c)
Le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar an mbealach céanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (d) den fhomhír seo, agus pointe (e) den fhomhír seo á chur san áireamh, ar bhonn faisnéis a thíolacfar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 agus ar bhonn an ráta bliantúil maidir le laghdú a chur i bhfeidhm i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.
(d)
I gcás inar mó ná 2,5 % an ráta bliantúil maidir le laghdú nó i gcás inar lú ná 0,3 % é, is iad na luachanna tagarmhairc don tréimhse ó 2026 go 2030 na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 agus iad laghdaithe de cibé ceann den dá ráta is ábhartha i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.
(e)
Don tréimhse ó 2026 go 2030, ní dhéanfaidh an t-athrú ar shainmhínithe tagarmhairc agus teorainneacha córais is infheidhme de bhun mhír 1, fomhír 8, difear do ráta laghdaithe bliantúil do thagarmhairc táirge do mhiotal te.
De mhaolú air sin, maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh cumhránaice agus gás sintéiseach, déanfar na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú leis an gcéatadán céanna is a dhéanfar le tagarmharcanna na scaglann d’fhonn cothroime iomaíochta a chaomhnú do tháirgeoirí na dtáirgí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). D'fhonn aisghabháil éifeachtúil fuinnimh ó dhramhgháis a chur chun cinn, don tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fhomhír, déanfar an luach tagarmhairc do mhiotal te, a bhaineann den chuid is mó le dramhgháis, a nuashonrú le ráta bliantúil maidir le laghdú de 0,2 %.
|
|
Article 10a 5.
|
D’fhonn cloí leis an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10, déanfar, i gcás gach bliana nach sroicheann suim na leithdháiltí saor in aisce an t-uasmhéid lena n-urramaítear an sciar cheantála, na lamháltais atá fágtha suas go dtí an méid sin a úsáid chun laghdú na leithdháiltí saor in aisce a chosc nó a theorannú d'fhonn an sciar cheantála a urramú sna blianta atá le teacht. Mar sin féin, i gcás ina sroichtear an t-uasmhéid, déanfar leithdháiltí saor in aisce a choigeartú dá réir sin. Déanfar aon choigeartú den sórt sin ar bhealach aonfhoirmeach. Mar sin féin, suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun mheán an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in earnáil nó i bhfo-earnáil san Aontas le haghaidh na dtagarmharcanna ábhartha i mbliain nuair atá feidhm ag an gcoigeartú, díolmhófar ón gcoigeartú iad.
|
|
Article 10a 5a.
|
De mhaolú ar mhír 5, déanfar méid breise suas le 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas a úsáid, a mhéid is gá, chun an t-uasmhéid atá ar fáil faoi mhír 5 a mhéadú.
|
|
Article 10a 5b.
|
I gcás nach bhfuil gá ach le níos lú ná 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas chun an t-uasmhéid atá ar fáil faoi mhír 5 a mhéadú:
—
úsáidfear 50 milliún lamháltas ar a mhéid chun líon na lamháltas atá ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10a(8) a mhéadú; agus
—
úsáidfear 0,5 % de chainníocht iomlán na lamháltas ar a mhéid chun líon na lamháltas atá ar fáil chun córais fuinnimh roinnt Ballstát a nuachóiriú i gcomhréir le hAirteagal 10d a mhéadú.
|
|
Article 10a 6.
|
►M15
Ba cheart do na Ballstáit bearta airgeadais a ghlacadh, i gcomhréir leis an dara agus leis an gceathrú fomhír den mhír seo i bhfabhar earnálacha nó fo-earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha a thabhaítear iarbhír ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, ar choinníoll go mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair, agus go háirithe, nach ndéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht an mhargaidh inmheánaigh leo. Leis na bearta airgeadais arna nglacadh, níor cearta costais indíreacha a chumhdaítear le leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir leis na tagarmharcanna a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chúiteamh. I gcás ina gcaitheann Ballstát méid níos mó ná coibhéis 25 % de na hioncaim ceantála dá dtagraítear in Airteagal 10(3) don bhliain inar tabhaíodh na costais indíreacha, déanfaidh sé na cúiseanna leis an méid sin a shárú a leagan amach. ◄
Ní fhéachfaidh na Ballstáit le níos mó ná 25 % den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant le haghaidh na mbeart airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Laistigh de thrí mhí ó dheireadh gach bliana, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i bhfeidhm acu méid iomlán an chúitimh a sholáthraítear in aghaidh na hearnála agus na fo-earnála tairbhíocha a chur ar fáil don phobal i bhfoirm a mbeidh sé éasca rochtain a fháil uirthi. Amhail ó 2018, in aon bhliain ina n-úsáidfidh Ballstát níos mó ná 25 % den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant chun na gcríoch sin, foilseoidh sé tuarascáil ina leagfar amach na cúiseanna a bheidh leis an méid sin a shárú. Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin faisnéis ábhartha maidir le praghsanna leictreachais do thomhaltóirí móra tionsclaíocha a thairbhíonn ó bhearta airgeadais den sórt sin, gan dochar do cheanglais maidir le faisnéis rúnda a chosaint. Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis ina léireofar ar tugadh aird chuí ar bhearta eile chun costais indíreacha charbóin a ísliú ar bhealach inbhuanaithe sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 10(5), inter alia, measúnú ar na héifeachtaí beart airgeadais den sórt sin ar an margadh inmheánach agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé aon bhearta ar bith a d'fhéadfadh a bheith riachtanach de bhun an mheasúnaithe sin. Leis na bearta sin, áiritheofar cosaint leordhóthanach ar an riosca sceitheadh carbóin, ar bhonn tagarmharcanna ex-ante d'astaíochtaí indíreacha CO2 in aghaidh an aonaid táirgeachta. Ríomhfar na tagarmharcanna ex-ante sin d'earnáil nó d'fho-earnáil ar leith mar tháirge den tomhaltas leictreachais in aghaidh an aonaid táirgthe atá comhfhreagrach leis na teicneolaíochtaí is éifeachtúla atá ar fáil agus d'astaíochtaí CO2 an mheascáin táirgthe leictreachais ábhartha Eorpaigh.
|
|
Article 10a 7.
|
►M9
Maidir le lamháltais ón uasmhéid dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo nár leithdháileadh saor in aisce faoi 2020, cuirfear i leataobh iad le haghaidh iontrálaithe nua, in éineacht le 200 milliún lamháltas a chur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh de bhun Airteagal 1(3) de Chinneadh (AE) 2015/1814. As na lamháltais a chuirtear ar leataobh, cuirfear suas go 200 milliún díobh ar ais go dtí cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh ag deireadh na tréimhse ó 2021 go 2030 mura leithdháilfear iad don tréimhse sin. ◄
▼M15
Ó 2021 ar aghaidh, déanfar lamháltais nach leithdháilfear de bhun mhíreanna 19, 20 agus 22 ar shuiteálacha a chur le méid na lamháltas a chuirfear ar leataobh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an chéad abairt, den mhír seo.
▼M4
Allocations shall be adjusted by the linear factor referred to in Article 9.
No free allocation shall be made in respect of any electricity production by new entrants.
▼M9 —————
|
|
Article 10a 8.
|
Déanfar 345 mhilliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 80 mhilliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor in aisce a laghdú dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, a chur ar fáil do chiste (an “Ciste don Nuálaíocht”) leis an gcuspóir tacú leis an nuálaíocht i dteicnící ísealcharbóin agus saor ó charbón, próisis agus teicneolaíochtaí lena rannchuidítear go suntasach le dícharbónú na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo lena rannchuidítear le cuspóirí maidir le truailliú nialasach agus ciorclaíocht lena n-áirítear tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo uascálú a dhéanamh ar theicnící, próisis agus teicneolaíochtaí den chineál sin d’fhonn iad a chur i bhfeidhm trasna an Aontais. Beidh acmhainneacht shuntasach laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na tionscadail sin agus rannchuideofar leo le coigilt fuinnimh agus acmhainní i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030. Déanfaidh an Coimisiún lamháltais an Ciste don Nuálaíocht a thúsualú chun a áirithiú go mbeidh méid leordhóthanach acmhainní ar fáil chun nuálaíocht a chothú, lena n-áirítear uas-scálú. Lamháltais nach n-eisítear chuig oibreoirí aerárthaigh toisc gur scoir siad dá n-oibríochtaí agus nach bhfuil gá leo chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, úsáidfear iad chomh maith le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Thairis sin, cuirfear 5 mhilliún lamháltas ar fáil ón gcainníocht dá dtagraítear in Airteagal 3c(5) agus (7) a bhaineann le leithdháiltí eitlíochta le haghaidh 2026 ar mhaithe leis an tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Sa bhreis air sin, le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, forlíonfar aon ioncam a bheidh fágtha ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil sa tréimhse ó 2013 go 2020 faoi Chinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún (
19
) agus úsáidfear iad ar bhealach tráthúil le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Agus glaonna ar thograí nó imthairiscint iomaíoch faoin gCiste don Nuálaíocht á gceapadh agus á gcur chun feidhme nó á ceapadh agus á cur chun feidhme aige, breithneoidh an Coimisiún tionscadail straitéiseacha a aithnítear i gcomhréir le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasaí na hEorpa a neartú, ar rudaí iad a meastar ina leith
►C2
go rannchuidíonn siad le cuspóirí STEP i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. ◄ (
20
). Breithneoidh na Ballstáit ar thacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
21
) agus ón gCiste um Aistriú Cóir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 a sholáthar do thionscadail ar a gcríoch i gcomhthéacs sásraí airgeadais arna bhforbairt faoin gCiste don Nuálaíocht, amhail an scéim “ceantanna mar sheirbhís”. Cumhdófaí leis an gCiste don Nuálaíocht na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III, chomh maith le táirgí agus próisis a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear nó a úsáidtear in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite agus stórála fuinnimh agus gabháil agus úsáid carbóin (CCU) ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, a chuideoidh go mór leis an athrú aeráide a mhaolú, go háirithe i gcás astaíochtaí próisis dho-sheachanta, agus chuideofaí le spreagadh a thabhairt chun tionscadail a thógáil agus a oibriú atá dírithe ar ghabháil, iompar agus stóráil (CCS) CO2 go geolaíoch, go háirithe i gcás astaíochtaí próisis thionsclaíocha dho-sheachanta, agus gabháil dhíreach CO2 ón atmaisféar le buanstóráil sábháilte agus inbhuanaithe, in áiteanna atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha ceannródaíocha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch, lena n-áirítear táirgeadh breoslaí ísealcharbóin agus saor ó charbón, chun na hearnálacha muirí, eitlíochta, iompar iarnróid agus iompar de bhóthar a dhícharbónú, lena n-áirítear cineálacha coiteanna iompair amhail iompar poiblí agus seirbhísí cóiste. Maidir le heitlíocht, féadfaidh sí tacú freisin le leictriú agus le gníomhaíochtaí chun tionchair aeráide fhoriomlána na heitlíochta a laghdú. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar thionscadail in earnálacha a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2023/956 chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, CCU, CCS, fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a chuideoidh leis an athrú aeráide a mhaolú agus é d’aidhm leis sin, thar an tréimhse ó 2021 go 2030, sciar suntasach de choibhéis i luach airgeadais na lamháltas dá dtagraítear i mír 1a, an ceathrú fomhír, den Airteagal seo a bhronnadh ar thionscadail sna hearnálacha sin. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún glaonna ar thograí a sheoladh, roimh 2027, ar tograí iad a bheidh tiomnaithe do na hearnálacha a chumhdaítear faoin Rialachán sin. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith freisin ar thionscadail lena rannchuidítear leis an earnáil mhuirí a dhícharbónú agus áireoidh sé ábhair atá tiomnaithe don chríoch sin sna glaonna ar thograí faoin gCiste don Nuálaíocht, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear chun muiriompar a leictriú, agus chun aghaidh a thabhairt ar a tionchar iomlán ar an aeráid, lena n-áirítear astaíochtaí carbóin dhuibh. Leis na glaonna ar thograí den sórt sin, sna critéir a úsáidtear chun tionscadail a roghnú, tabharfar aird ar leith freisin ar an fhéidireacht atá ann maidir le cosaint na bithéagsúlachta a mhéadú agus truailliú torainn agus uisce ó thionscadail agus infheistíochtaí a laghdú. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht, i gcomhréir le mír 8a, tacú le tionscadail trí imthairiscint iomaíoch, amhail CDanna, CCDanna nó conarthaí préimhe seasta chun tacú le teicneolaíochtaí dícharbónaithe a bhféadfadh sé nach dreasacht leordhóthanach a bheadh sa phraghas carbóin ina leith. Lorgóidh an Coimisiún sineirgí idir an Ciste don Nuálaíocht agus Fís Eorpach, go háirithe maidir le comhpháirtíochtaí Eorpacha, agus déanfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, sineirgí a lorg idir an Ciste don Nuálaíocht agus cláir eile de chuid an Aontais. Beidh tionscadail i gcríoch gach Ballstáit, lena n-áirítear tionscadail ar mhionscála agus tionscadail ar mheánscála, incháilithe, agus, maidir le gníomhaíochtaí muirí, beidh tionscadail ag a mbaineann breisluach soiléir don Aontas incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, beidh siad nuálach agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha nó beidh siad aibí a ndóthain chun iad a chur i bhfeidhm ar scála réamhthráchtála. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá dírithe ar an gCiste don Nuálaíocht ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Treoir seo. Measfar na méideanna sin a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
22
). Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta. Cuirfidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air, cúnamh teicniúil ar fáil do na Ballstáit a mbíonn éifeacht íseal lena rannpháirtíocht i dtionscadail faoin gCiste Nuálaíochta chun cur le cumas an Bhallstáit iarrthaigh tacú le hiarrachtaí thionscnóirí na dtionscadal ar a gcríoch faoi seach iarratais a chur isteach ar chistiú ón gCiste don Nuálaíocht, d’fhonn rannpháirtíocht éifeachtach gheografach sa Chiste don Nuálaíocht a fheabhsú agus cáilíocht fhoriomlán na dtionscadal arna dtíolacadh a mhéadú. Déanfaidh an Coimisiún clúdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a shaothrú i ndáil le cistiú ón gCiste don Nuálaíocht ar fud an Aontais agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán cuimsitheach ar an dul chun cinn agus go ndéanfar obair leantach iomchuí air ina leith sin. Faoi réir chomhaontú na n-iarratasóirí, tar éis dheireadh an ghlao ar thograí, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na hiarratais ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail ar a gcríoch faoi seach agus cuirfidh sé faisnéis mhionsonraithe ar fáil dóibh a bhaineann leis na hiarratais sin chun gur fusa do na Ballstáit tacaíocht do thionscadail a chomhordú. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi liosta na dtionscadal réamhroghnaithe roimh dhámhachtain na tacaíochta. Roghnófar tionscadail trí nós imeachta roghnúcháin trédhearcach, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i gcomhréir le cuspóirí an Chiste don Nuálaíocht mar a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo agus ar bhonn critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha, agus aird á tabhairt ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail go suntasach le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus, ag an am céanna, leis na cuspóirí nialasacha truaillithe agus ciorclaíochta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, agus, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2. Beidh d’acmhainneacht ag tionscadail go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go forleathan nó costais a laghdú i leith aistriú chuig geilleagair aeráidneodrach sna hearnálacha lena mbaineann. Tabharfar tosaíocht do theicneolaíochtaí nuálacha agus do phróisis lena dtugtar aghaidh ar thionchair iomadúla ar an gcomhshaol. Le tionscadail lena mbaineann CCU, léireofar glanlaghdú in astaíochtaí agus áiritheofar go ndéanfar CO2 a sheachaint nó a stóráil go buan. I gcás deontais a chuirtear ar fáil trí ghlao ar thograí, féadfar tacú le suas le 60 % de chostais ábhartha na dtionscadal agus as a measc sin ní gá suas le 40 % a bheith ag brath ar sheachaint fhíoraithe astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar choinníoll go mbainfear amach garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh. I gcás tacaíocht a chuirtear ar fáil trí thairiscint iomaíoch agus i gcás tacaíocht cúnaimh teicniúil, féadfar tacú le suas le 100 % de chostais ábhartha na dtionscadal. Cuirfear san áireamh sna critéir a úsáidtear chun tionscadail a roghnú na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil trí thionscadail chomhcheangailte maidir le hastaíochtaí a laghdú i roinnt earnálacha, lena n-áirítear i limistéir in aice láimhe. Tionscadail arna gcistiú ag an gCiste don Nuálaíocht, cuirfear de cheangal orthu eolas a chomhroinnt le tionscadail ábhartha eile agus le taighdeoirí atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil leas dlisteanach acu. Déanfaidh an Coimisiún téarmaí na comhroinnte eolais a shainiú i nglaonna ar thograí. Beidh na glaonna ar thograí oscailte agus trédhearcach. Agus na glaonna ar thograí á n-ullmhú aige, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go gcumhdófar gach earnáil go cuí. Déanfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go gcuirfear na glaonna in iúl ar bhealach chomh forleathan agus is féidir, agus go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht, lena n-áirítear an nós imeachta agus na critéir roghnúcháin, agus na hearnálacha incháilithe agus ceanglais teicneolaíocha le haghaidh na gcineálacha éagsúla tacaíochta. Ní bhfaighidh aon tionscadal tacaíocht tríd an sásra faoin mír seo a sháróidh 15 % de líon iomlán na lamháltas a bheidh ar fáil chun na críche sin. Cuirfear na lamháltais sin san áireamh i mír 7. Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 22a(1) den Treoir seo maidir le cur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht, ina soláthrófar anailís ar thionscadail lena ndéantar cistiú a dhámhachtin, de réir earnála agus de réir Ballstáit, agus ar an rannchuidiú a mheastar a dhéanfaidh na tionscadail sin i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta san Aontas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a phoibliú.
|
|
Article 10a 8a.
|
Maidir le CDanna agus CCDanna arna ndámhachtain tar éis sásra um imthairiscint iomaíoch a thabhairt chun críche, soláthrófar cumhdach iomchuí tri ghealltanais bhuiséadacha a eascraíonn as fáltais ó cheantáil lamháltas atá ar fáil sa Chiste don Nuálaíocht agus féadfar na gealltanais bhuiséadacha sin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta. I gcás an chéad dá bhabhta den sásra um imthairiscint iomaíoch, déanfar cumhdach an dliteanais airgeadais a bhaineann le CDanna agus CCDanna a áirithiú go hiomlán trí leithreasuithe a thagann as na fáltais a eascraíonn as ceantáil na lamháltas a leithdháiltear ar an gCiste don Nuálaíocht de bhun mhír 8. Ar bhonn measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as cur chun feidhme CDanna agus CCDanna, a bheidh le déanamh tar éis an chéad dá bhabhta den sásra um imthairiscint iomaíoch a thabhairt chun críche agus gach uair is gá ina dhiaidh sin i gcomhréir le prionsabal na stuamachta, i gcas nach mbeidh rómheastachán ar shócmhainní agus ar bhrabúis le déanamh agus nach mbeidh gannmheas ar dhliteanais agus ar chaillteanais le déanamh, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcumhachtú san ochtú fomhír, a chinneadh gan ach cuid den dliteanas airgeadais a bhaineann le CDanna agus CCDanna trí na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an chuid atá fágtha a chumhdach trí mhodh eile. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún teorainn a chur le húsáid modhanna eile cumhdaigh. I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe go bhfuil gá le modhanna eile cumhdaigh chun acmhainneacht iomlán CDanna agus CCDanna a bhaint amach, féachfaidh an Coimisiún le meascán cothrom de mhodhanna eile cumhdaigh a bhaint amach. De mhaolú ar Airteagal 210(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cinnfidh an Coimisiún méid na húsáide a bhaintear as modhanna eile cumhdaigh de bhun an ghnímh tharmligthe dá bhforáiltear san ochtú fomhír den mhír seo. Déanfar an chuid eile den dliteanas airgeadais a chumhdach go leordhóthanach, ag féachaint do phrionsabail Theideal X de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, más gá, arna n-oiriúnú do shainiúlachtaí CDanna agus CCDanna, de mhaolú ar Airteagal 209(2), pointí (d) agus (h), Airteagal 210(1), Airteagal 211(1), (2), (4) agus (6), Airteagail 212, 213 agus 214, Airteagal 218(1) agus Airteagal 219(3) agus (6) den Rialachán sin. I gcás inarb infheidhme, bunófar modhanna eile cumhdaigh, an ráta soláthair agus na maoluithe is gá i ngníomh tarmligthe dá bhforáiltear san ochtú fomhír den mhír seo. Ní úsáidfidh an Coimisiún níos mó ná 30 % de na fáltais ó cheantáil lamháltas arna leithdháileadh ar an gCiste don Nuálaíocht de bhun mhír 8 le haghaidh soláthar do CDanna agus do CCDanna. Ní bheidh an ráta soláthair níos ísle ná 50 % den dliteanas airgeadais iomlán arna iompar ag buiséad an Aontais do CDanna agus do CCDanna. Nuair a bheidh an ráta soláthair a bhunú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na gnéithe a d’fhéadfadh na rioscaí airgeadais do bhuiséad an Aontais a laghdú, cé is moite de na leithreasuithe atá ar fáil sa Chiste don Nuálaíocht, amhail comhroinnt fhéideartha dliteanais leis na Ballstáit ar bhonn deonach, nó sásra athárachais ón earnáil phríobháideach a d’fhéadfadh a bheith ann. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ráta soláthair gach trí bliana ar a laghad ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe a bhunaítear é den chéad uair. D’fhonn iarratais amhantracha a sheachaint, féadfar rochtain ar thairiscint iomaíoch a bheith faoi réir íocaíocht taisce ag iarratasóirí, a bheidh le forghéilleadh i gcás nach gcomhlíonfar an conradh. Úsáidfear taiscí forghéillte den sórt sin le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach de bhun Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Aon ranníocaíocht a íocfaidh tairbhí leis an údarás deonúcháin i gcomhréir le téarmaí CD nó CCD i gcás ina bhfuil an praghas tagartha níos airde ná an praghas ceangail (“athshreabha”), úsáidfear í le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach de bhun Airteagal 21(5) den Rialachán sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir seo chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun foráil a dhéanamh maidir le modhanna eile cumhdaigh agus eolas a thabhairt fúthu, más ann dóibh, agus, i gcás inarb infheidhme, an ráta soláthair agus na maoluithe breise is gá ar Theideal X de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír den mhír seo, agus ina theannta sin na rialacha maidir leis an sásra um thairiscint iomaíoch a oibriú, go háirithe i ndáil le taiscí agus athshreabha. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an cúigiú fomhír den mhír seo a leasú tríd an teorainn 30 % dá dtagraítear san fhomhír sin a ardú faoi mhéid nach mó ná 20 pointe céatadáin san iomlán i gcás inar gá chun freagairt d’éileamh ar CDanna agus ar CCDanna, agus na ceachtanna a foghlaimíodh sna céad bhabhtaí den sásra um imthairiscint iomaíoch á gcur san áireamh agus i bhfianaise an ghá atá ann cothromaíocht iomchuí a aimsiú sa tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht idir deontais agus conarthaí den sórt sin. Beidh tacaíocht airgeadais ón gCiste don Nuálaíocht comhréireach leis na cuspóirí beartais a leagtar amach san Airteagal seo agus ní bheidh saobhadh míchuí ar an margadh inmheánach mar thoradh uirthi. Chuige sin, ní dheonófar tacaíocht ach amháin chun costais bhreise nó rioscaí infheistíochta a chumhdach nach féidir le hinfheisteoirí a íoc faoi ghnáthdhálaí margaidh.
|
|
Article 10a 8b.
|
Déanfar 40 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 10 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10 den Treoir seo, a chur ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
23
). Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá ceaptha don Chiste Aeráide Sóisialta ar ceant in 2025 i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Treoir seo agus leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin. Beidh na hioncaim ón gceantáil sin ina n-ioncaim sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus úsáidfear é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta.
|
|
Article 10a 9.
|
Bhí olltáirgeacht intíre (OTI) per capita de réir margadhphraghsanna níos lú ná 60 % de mheán an Aontais ag an nGréig in 2014 agus féadfaidh sí, sula gcuirfear mír 7 den Airteagal seo i bhfeidhm, suas le 25 milliún lamháltas a éileamh ón méid uasta dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo nach leithdháiltear saor in aisce faoin 31 Nollaig 2020, chun suas le 60 % de dhícharbónú sholáthar leictreachais na n-oileán laistigh dá chríoch a chómhaoiniú. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10d(3) maidir le lamháltais den sórt sin. Féadfar lamháltais a éileamh más rud é, mar thoradh ar rochtain shrianta ar na margaí idirnáisiúnta fiachais, nárbh fhéidir tionscadal, a bhfuil sé mar aidhm aige soláthar leictreachais oileáin na Gréige a dhícharbónú, a chur i gcrích ar shlí eile agus más rud é go ndearbhaíonn an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) inmharthanacht airgeadais agus sochair shocheacnamaíocha an tionscadail.
|
|
Article 10a 11.
|
Subject to Article 10b, the amount of allowances allocated free of charge under paragraphs 4 to 7 of this Article in 2013 shall be 80 % of the quantity determined in accordance with the measures referred to in paragraph 1. Thereafter the free allocation shall decrease each year by equal amounts resulting in 30 % free allocation in 2020
►M9
————— ◄ .
|
|
Article 10a 19.
|
Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce do shuiteáil a scoir de bheith ag oibriú. Suiteálacha a bhfuil an cead astaíochtaí gás ceaptha teasa dulta in éag ina leith nó ar tarraingíodh siar é ina leith agus suiteálacha nach bhfuil sé indéanta go teicniúil oibriú ná atosú na hoibríochta ina leith, measfar gur scoir siad d’oibríochtaí.
|
|
Article 10a 20.
|
Coigeartófar, de réir mar is iomchuí, leibhéal na saor-leithdháiltí a thabharfar do shuiteálacha a bhfuil méadú nó laghdú, mar a mheasúnaítear ar bhonn mheán rollach dhá bhliain, níos mó ná 15 % tagtha ar a gcuid oibríochtaí i gcomparáid leis an leibhéal a úsáideadh ar dtús chun an saor-leithdháileadh a chinneadh don tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1). Cuirfear coigeartuithe den sórt sin i gcrích le lamháltais ó mhéid na lamháltas a chuirtear ar leataobh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo nó trí lamháltais a chur le méid na lamháltas sin.
|
|
Article 10a 21.
|
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar na coigeartuithe agus an tairseach dá dtagraítear i mír 20 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach agus aonfhoirmeach, chun nach mbeidh aon ualach riaracháin míchuí ann agus chun cosc a chur ar chúbláil nó ar mhí-úsáid na gcoigeartuithe ar an leithdháileadh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar tuilleadh socruithe le haghaidh na gcoigeartuithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).
|
|
Article 10a 22.
|
I gcás inar gá ceartúchán a chur i bhfeidhm ar na leithdháiltí saor in aisce arna ndeonú de bhun Airteagal 11(2), cuirfear ceartúcháin den sórt sin i gcrích le lamháltais ó mhéid na lamháltas a chuirtear ar leataobh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo nó trí lamháltais a chur le méid na lamháltas sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|