+Airteagal 10d 6.
|
Airteagal 10d 6.
Sula gcinneann Ballstát is tairbhí infheistíocht a mhaoiniú óna sciar féin den Chiste don Nuachóiriú, cuirfidh sé an tionscadal infheistíochta faoi bhráid an choiste infheistíochta agus faoi bhráid BEI. I gcás ina ndeimhneoidh BEI go dtagann an infheistíocht faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, féadfaidh an Ballstát dul ar aghaidh chun an tionscadal infheistíochta a mhaoiniú óna sciar féin. I gcás nach dtagann infheistíocht i nuachóiriú na gcóras fuinnimh, a bhfuil sé beartaithe í a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú, faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, déanfaidh an coiste infheistíochta inmharthanacht theicniúil agus airgeadais na hinfheistíochta sin a mheas, lena n-áirítear an laghdú astaíochtaí a bhaineann sí amach, agus eiseoidh sé moladh maidir leis an infheistíocht a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú. Áiritheoidh an coiste infheistíochta go mbainfear amach feabhas suntasach ar éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le laghdú ar astaíochtaí le haon infheistíocht a bhaineann le téamh ceantair. Féadfar moltaí maidir le hionstraimí iomchuí maoiniúcháin a áireamh ar an moladh sin. Féadfar suas le 70 % de chostais ábhartha infheistíochta nach dtagann faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 a thacú le hacmhainní ón gCiste don Nuachóiriú ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|