+Airteagal 10d Ciste don Nuachóiriú
---+Airteagal 10d 1.
---+Airteagal 10d 2.
---+Airteagal 10d 3.
---+Airteagal 10d 4.
---+Airteagal 10d 5.
---+Airteagal 10d 6.
---+Airteagal 10d 7.
---+Airteagal 10d 8.
---+Airteagal 10d 9.
---+Article 10d 10.
---+Airteagal 10d 11.
---+Airteagal 10d 12.

Airteagal 10d Ciste don Nuachóiriú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10d 1.
Bunófar ciste chun tacú le hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit is tairbhithe, lena n-áirítear tionscadail infheistíochta ar mhionscála a mhaoiniú, chun córais fuinnimh a nuachóiriú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú don tréimhse ó 2021 go 2030 (an “Ciste don Nuachóiriú”). Maoineofar an Ciste don Nuachóiriú trí lamháltais a chur ar ceant mar a leagtar amach in Airteagal 10, le haghaidh na mBallstát is tairbhithe a leagtar amach ann.

Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo, chomh maith le cuspóirí na teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus Rialachán (AE) 2021/1119 agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Féadfaidh na Ballstáit is tairbhithe, i gcás inarb iomchuí, acmhainní an Chiste don Nuachóiriú a úsáid chun infheistíochtaí a mhaoiniú lena mbaineann réigiúin teorann an Aontais in aice láimhe. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise. Mar sin féin, féadfar ioncam ó lamháltais arna gcumhdach le fógra de bhun mhír 4 den Airteagal seo a úsáid le haghaidh infheistíochtaí lena mbaineann breoslaí iontaise gásacha.

Ina theannta sin, maidir le hioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an tríú fomhír, den Treoir seo, i gcás ina gcáilíonn an ghníomhaíocht mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 25 ) agus ina bhfuil údar cuí léi ar chúiseanna a bhaineann le slándáil fuinnimh a áirithiú, féadfar é a úsáid le haghaidh infheistíochtaí lena mbaineann breoslaí iontaise gásacha ar choinníoll, chun fuinneamh a ghiniúint, go gcuirfear na lamháltais ar ceant roimh an 31 Nollaig 2027 agus, maidir le hinfheistíochtaí lena mbaineann úsáidí iartheachtacha gáis, go gcuirfear na lamháltais ar ceant roimh an 31 Nollaig 2028.

Airteagal 10d 2.

Úsáidfear 80 % ar a laghad den ioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an tríú fomhír, agus ó lamháltais a chumhdaítear le fógra de bhun mhír 4 denAirteagal seo, agus 90 % ar a laghad den ioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an ceathrú fomhír, chun tacú le hinfheistíochtaí sna nithe seo a leanas:

(a) 

leictreachas a ghiniúint agus a úsáid ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear hidrigin inathnuaite;

(b) 

téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite;

(c) 

úsáid fhoriomlán fuinnimh a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear sa tionscal, san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola;

(d) 

stóráil fuinnimh agus nuachóiriú líonraí fuinnimh, lena n-áirítear bainistiú ar éileamh, píblínte téimh ceantair, eangacha le haghaidh traschur leictreachais, méadú ar idirnaisc idir na Ballstáit agus bonneagar le haghaidh soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha;

(e) 

tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun a gcórais téimh a nuachóiriú; agus

(f) 

aistriú cóir i réigiúin, sna Ballstáit is tairbhithe, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibrithe, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus in idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, ar bhealach atá comhsheasmhach le gníomhaíochtaí ábhartha arna n-áireamh ag na Ballstáit ina bpleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/1056, i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 10d 3.
Is faoi fhreagracht na mBallstát is tairbhithe a bheidh an Ciste don Nuachóiriú ag feidhmiú. Áiritheoidh BEI go gcuirfear na lamháltais ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 10(4) agus is é a bheidh freagrach as an ioncam a bhainistiú. Déanfaidh BEI an t-ioncam a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit nuair a dhéanann an Coimisiún cinneadh maidir le heisíocaíocht, más rud é go mbíonn an t-eisíoc sin le haghaidh infheistíochtaí i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo nó, i gcás nach dtagann na hinfheistíochtaí faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo, más rud é go mbíonn an t-eisíoc i gcomhréir le moltaí an choiste infheistíochta. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh sin go tráthúil. Dáilfear an t-ioncam ar na Ballstáit agus de réir na sciartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IIb, i gcomhréir le mír 6 go mír 12 den Airteagal seo.
Airteagal 10d 4.
Féadfaidh aon Bhallstát lena mbaineann úsáid a bhaint as an saor-leithdháileadh iomlán a dheonaítear de bhun Airteagal 10c(4), nó cuid den leithdháileadh sin, agus méid na lamháltas a dháiltear chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aonta, i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(b), nó cuid den méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 10d, chun tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí faoi chuimsiú an Chiste don Nuachóiriú, agus ar an gcaoi sin méadófar na hacmhainní a dháiltear ar an mBallstát sin. Faoin 30 Meán Fómhair 2019, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi mhéideanna na lamháltas, faoi seach, a úsáidfear faoi Airteagal 10(2)(b), faoi Airteagal 10c agus faoi Airteagal 10d.
Airteagal 10d 5.
Bunaítear leis seo coiste infheistíochta don Chiste don Nuachóiriú. Ar an gcoiste infheistíochta beidh ionadaí ó gach Ballstát is tairbhí, ón gCoimisiún agus ó BEI, agus trí ionadaí arna dtoghadh ag na Ballstáit eile go ceann tréimhse cúig bliana. Is é an t-ionadaí ón gCoimisiún a bheidh mar chathaoirleach air. Féadfaidh ionadaí amháin ó gach Ballstát, nach comhalta den choiste infheistíochta é, freastal ar chruinnithe an choiste i gcáil breathnóra.

Feidhmeoidh an coiste infheistíochta ar bhealach trédhearcach. Déanfar comhdhéanamh an choiste infheistíochta agus curricula vitae agus dearbhuithe leasanna a chomhaltaí a chur ar fáil don phobal agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 10d 6.
Sula gcinneann Ballstát is tairbhí infheistíocht a mhaoiniú óna sciar féin den Chiste don Nuachóiriú, cuirfidh sé an tionscadal infheistíochta faoi bhráid an choiste infheistíochta agus faoi bhráid BEI. I gcás ina ndeimhneoidh BEI go dtagann an infheistíocht faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, féadfaidh an Ballstát dul ar aghaidh chun an tionscadal infheistíochta a mhaoiniú óna sciar féin.

I gcás nach dtagann infheistíocht i nuachóiriú na gcóras fuinnimh, a bhfuil sé beartaithe í a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú, faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, déanfaidh an coiste infheistíochta inmharthanacht theicniúil agus airgeadais na hinfheistíochta sin a mheas, lena n-áirítear an laghdú astaíochtaí a bhaineann sí amach, agus eiseoidh sé moladh maidir leis an infheistíocht a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú. Áiritheoidh an coiste infheistíochta go mbainfear amach feabhas suntasach ar éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le laghdú ar astaíochtaí le haon infheistíocht a bhaineann le téamh ceantair. Féadfar moltaí maidir le hionstraimí iomchuí maoiniúcháin a áireamh ar an moladh sin. Féadfar suas le 70 % de chostais ábhartha infheistíochta nach dtagann faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 a thacú le hacmhainní ón gCiste don Nuachóiriú ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú.

Airteagal 10d 7.
Féachfaidh an coiste infheistíochta lena chuid moltaí a ghlacadh de chomhthoil. Mura bhfuil an coiste infheistíochta in ann cinneadh a dhéanamh trí chomhthoil laistigh de spriocdháta arna shocrú ag an gcathaoirleach, déanfaidh sé an cinneadh sin trí thromlach simplí.

Mura dtacóidh ionadaí ó BEI le hinfheistíocht a mhaoiniú, ní ghlacfar moladh ach amháin má vótálann tromlach dhá thrian de na comhaltaí ar fad ina fhabhar. Ní bheidh ionadaí an Bhallstáit ina ndéanfar an infheistíocht ná an t-ionadaí ó BEI i dteideal vóta a chaitheamh sa chás sin. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le tionscadail ar mhionscála arna gcistiú trí iasachtaí arna soláthar ag banc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó trí dheontais lena gcuirtear le cur chun feidhme cláir náisiúnta a mbeidh cuspóirí sonracha ag baint leis i gcomhréir le cuspóirí an Chiste don Nuachóiriú, ar choinníoll nach n-úsáidtear níos mó ná 10 % de sciar na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinn IIb faoin gclár.

Airteagal 10d 8.
Gníomh ar bith nó moladh ar bith ó BEI nó ón gcoiste infheistíochta a dhéanfar de bhun mhír 6 agus mhír 7, déanfar iad go tráthúil agus luafar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Cuirfear gníomhartha agus moltaí den sórt sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 10d 9.
Is iad na Ballstáit is tairbhithe a bheidh freagrach as obair leantach a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na dtionscadal a roghnaítear.
Article 10d 10.

The beneficiary Member States shall report annually to the Commission on investments financed by the Modernisation Fund. The report shall be made public and include:

(a) 

information on the investments financed per beneficiary Member State;

(b) 

an assessment of the added value, in terms of energy efficiency or modernisation of the energy system, achieved through the investment.

Airteagal 10d 11.
Tuairisceoidh an coiste infheistíochta ar bhonn bliantúil don Choimisiún ar an taithí a fuarthas agus infheistíochtaí á measúnú aige, go háirithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí agus costais laghdaithe. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na réimsí a bhaineann leis na tionscadail dá dtagraítear i mír 2, agus torthaí an choiste infheistíochta á gcur san áireamh aige, agus déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an mbunús atá le moltaí an choiste infheistíochta.

Déanfaidh an coiste infheistíochta socrú chun go bhfoilseofar an tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 10d 12.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an Chiste don Nuachóiriú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.