Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá le cur ar ceant faoi mhíreanna 2 agus 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 21d de Rialachán (AE) 2021/241, ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus na rialacha mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 10(4) den Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (
27
) chun a áirithiú go mbeidh méid leordhóthanach acmhainní an chiste nuálaíochta ann sa tréimhse ón 2023 go 2026. Déanfar athbhreithniú ar an tréimhse le haghaidh ceantála dá dtagraítear san Airteagal seo bliain amháin tar éis a thosaithe i bhfianaise thionchar na ceantála dá bhforáiltear san Airteagal seo ar an margadh carbóin agus ar an bpraghas carbóin.