+Airteagal 10e An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
---+Airteagal 10e 1.
---+Airteagal 10e 2.
---+Airteagal 10e 3.
---+Airteagal 10e 4.
---+Airteagal 10e 5.
---+Airteagal 10e 6.
---+Airteagal 10e 7.
|
Airteagal 10e An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10e 1.
|
Mar bheart aonuaire urghnách, go dtí an 31 Lúnasa 2026, cuirfear na lamháltais arna gcur ar ceant de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ar ceant go dtí go sroichfidh an t-ioncam iomlán a fhaightear ó cheantáil den sórt sin EUR 20 billiún. Cuirfear an t-ioncam sin ar fáil don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
26
) agus cuirfear chun feidhme é i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.
|
|
Airteagal 10e 2.
|
De mhaolú ar Airteagal 10a(8), go dtí an 31 Lúnasa 2026, cuirfear cuid de na lamháltais dá dtagraítear sa mhír sin ar ceant chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3), pointí (b) go (f), de Rialachán (AE) 2021/241, go dtí go sroichfidh an t-ioncam a fhaightear ó cheantáil den sórt sin EUR 12 bhilliún.
|
|
Airteagal 10e 3.
|
Go dtí an 31 Lúnasa 2026, déanfar roinnt lamháltas ón gcainníocht a chuirfeadh na Ballstáit ar ceant murach sin faoi Airteagal 10(2), pointe (a), a chur ar ceant ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2030 chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(3), pointí (b) go (f), de Rialachán (AE) 2021/241, go dtí go sroichfidh an t-ioncam a fhaightear ón gceantáil sin EUR 8 mbilliún. Déanfar na lamháltais sin, i bprionsabal, a chur ar ceant i méideanna bliantúla comhionanna thar an tréimhse ábhartha.
|
|
Airteagal 10e 4.
|
De mhaolú ar Airteagal 1(5a) de Chinneadh (AE) 2015/1814, go dtí an 31 Nollaig 2030, úsáidfear 27 milliún lamháltas neamh-leithdháilte sa chúlchiste cobhsaíochta margaidh ón gcainníocht iomlán a bheadh neamhbhailí thar an tréimhse sin murach sin, chun tacú leis an nuálaíocht, dá dtagraítear in Airteagal 10a(8), an chéad fhomhír, den Treoir seo.
|
|
Airteagal 10e 5.
|
Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá le cur ar ceant faoi mhíreanna 2 agus 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 21d de Rialachán (AE) 2021/241, ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus na rialacha mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 10(4) den Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (
27
) chun a áirithiú go mbeidh méid leordhóthanach acmhainní an chiste nuálaíochta ann sa tréimhse ón 2023 go 2026. Déanfar athbhreithniú ar an tréimhse le haghaidh ceantála dá dtagraítear san Airteagal seo bliain amháin tar éis a thosaithe i bhfianaise thionchar na ceantála dá bhforáiltear san Airteagal seo ar an margadh carbóin agus ar an bpraghas carbóin.
|
|
Airteagal 10e 6.
|
Is é an BEI a bheidh ina cheantálaí le haghaidh na lamháltas a bheidh le ceantáil de bhun an Airteagail seo ar an ardán ceant arna cheapadh de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 agus cuirfidh sé ioncam a ghinfear ón gceantáil ar fáil don Choimisiún.
|
|
Airteagal 10e 7.
|
Is éard a bheidh san ioncam a ghinfear ó lamháltais a chur ar ceant ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
28
).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|