+Article 12 3-d.
|
Article 12 3-d.
De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo agus d’Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, a fhoráil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme go bhfuil na Ballstáit le meas go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin comhlíonta agus níl siad le haon ghníomh a dhéanamh i gcoinne cuideachtaí loingseoireachta i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí, seachas longa cúrsála, ná a dhéanann longa ro-pax, idir calafort oileáin atá faoi dhlínse an Bhallstáit iarrthaigh sin, nach bhfuil aon nasc bóthair ná iarnróid aige leis an mórthír agus ar lú a dhaonra ná 200 000 buanchónaitheoir de réir na sonraí is fearr agus is déanaí atá ar fáil ó 2022, agus calafort atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna sin, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na hoileáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus de na calafoirt lena mbaineann agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|