+Article 12 Transfer, surrender and cancellation of allowances
---+Article 12 1.
---+Article 12 1a.
---+Article 12 2.
---+Article 12 3.
---+Article 12 3-e.
---+Article 12 3-d.
---+Article 12 3-c.
---+Article 12 3-b.
---+Article 12 3-a.
---+Article 12 3a.
---+Article 12 3b.
---+Article 12 4.
---+Article 12 5.
---+Article 12 6.
---+Article 12 7.
---+Article 12 8.
---+Article 12 9.
|
Article 12 Transfer, surrender and cancellation of allowances
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 12 1.
|
Member States shall ensure that allowances can be transferred between:
(a)
persons within the
►M9
Aontas ◄ ;
(b)
persons within the
►M9
Aontas ◄ and persons in third countries, where such allowances are recognised in accordance with the procedure referred to in Article 25 without restrictions other than those contained in, or adopted pursuant to, this Directive.
|
|
Article 12 1a.
|
The Commission shall, by 31 December 2010, examine whether the market for emissions allowances is sufficiently protected from insider dealing or market manipulation and, if appropriate, shall bring forward proposals to ensure such protection. The relevant provisions of Directive 2003/6/EC of the European Parliament and of the Council of 28 January 2003 on insider dealing and market manipulation (market abuse) (
29
) may be used with any appropriate adjustments needed to apply them to trade in commodities.
|
|
Article 12 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-aithneofar na lamháltais arna n-eisiúint ag údarás inniúil Bhallstáit eile chun oibleagáidí oibreora, oibreora aerárthaigh nó cuideachta loingseoireachta faoi mhír 3 a chomhlíonadh.
|
|
Article 12 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, na Ballstáit riaracháin agus na húdaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, faoin 30 Meán Fómhair gach bliain ar a dhéanaí, na rudaí seo a leanas:
(a)
go dtabharfaidh oibreoir gach suiteála méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom leis na hastaíochtaí iomlána ón tsuiteáil sin le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15;
(b)
go dtabharfaidh oibreoir aerárthaigh méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom lena astaíochtaí iomlána le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15;
(c)
go dtabharfaidh cuideachta loingseoireachta méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom lena hastaíochtaí iomlána le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 3ge.
Áiritheoidh na Ballstáit, na Ballstáit riaracháin agus na húdaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, go ndéanfar lamháltais a thabharfar suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a chur ar ceal ina dhiaidh sin.
|
|
Article 12 3-e.
|
De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), féadfaidh cuideachtaí loingseoireachta 5 % níos lú lamháltas a thabhairt suas ná a n-astaíochtaí fíoraithe a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó longa aicme oighir, ar choinníoll go bhfuil aicme oighir IA nó IA Super nó aicme oighir choibhéiseach ag longa den sórt sin, atá bunaithe ar Mholadh HELCOM 25/7. I gcás ina dtabharfar suas níos lú lamháltas i gcomparáid leis na hastaíochtaí fíoraithe, a luaithe a dhéanfar an difríocht idir na hastaíochtaí fíoraithe agus na lamháltais a thugtar suas i leith gach bliana a shuí, cuirfear an méid lamháltas lena gcomhfhreagraítear don difríocht sin ar ceal seachas ar ceant de bhun Airteagal 10.
|
|
Article 12 3-d.
|
De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo agus d’Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, a fhoráil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme go bhfuil na Ballstáit le meas go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin comhlíonta agus níl siad le haon ghníomh a dhéanamh i gcoinne cuideachtaí loingseoireachta i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí, seachas longa cúrsála, ná a dhéanann longa ro-pax, idir calafort oileáin atá faoi dhlínse an Bhallstáit iarrthaigh sin, nach bhfuil aon nasc bóthair ná iarnróid aige leis an mórthír agus ar lú a dhaonra ná 200 000 buanchónaitheoir de réir na sonraí is fearr agus is déanaí atá ar fáil ó 2022, agus calafort atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna sin, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na hoileáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus de na calafoirt lena mbaineann agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta.
|
|
Article 12 3-c.
|
De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo agus d’Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh chomhpháirteach ó dhá Bhallstát, ceann díobh nach bhfuil teorainn talún le Ballstát eile aige agus arb é an Ballstát eile an Ballstát is gaire go geografach don Bhallstát nach bhfuil teorainn talún den sórt sin aige, a fhoráil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme go bhfuil na Ballstáit le meas go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin comhlíonta agus níl siad le haon ghníomh a dhéanamh i gcoinne cuideachtaí loingseoireachta i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030, ó mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí ná longa ro-pax faoi chuimsiú conradh seirbhíse poiblí trasnáisiúnta ná oibleagáid seirbhíse poiblí trasnáisiúnta, a leagtar amach san iarraidh chomhpháirteach, lena nasctar an dá Bhallstát, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin.
|
|
Article 12 3-b.
|
Ní thiocfaidh oibleagáid maidir le lamháltais a thabhairt suas chun cinn i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó mhuiraistir idir calafort atá lonnaithe i réigiún forimeallach Ballstáit agus calafort atá lonnaithe sa Bhallstát céanna, lena n-áirítear muiraistir idir calafoirt laistigh de réigiún is forimeallaí agus muiraistir idir calafoirt sna réigiún is forimeallaí den Bhallstát céanna, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin.
|
|
Article 12 3-a.
|
I gcás inar gá agus chomh fada agus is gá, chun sláine comhshaoil CTA AE a chosaint, beidh toirmeasc ar oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh agus ar chuideachtaí loingseoireachta in CTA AE ó lamháltais a úsáid arna n-eisiúint ag Ballstát ar ina leith atá oibleagáidí ag dul i léig i gcás oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh, agus cuideachtaí loingseoireachta. Cuimseofar sna ghníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19(3) na bearta riachtanacha sna cásanna dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Article 12 3a.
|
An obligation to surrender allowances shall not arise in respect of emissions verified as captured and transported for permanent storage to a facility for which a permit is in force in accordance with Directive 2009/31/EC of the European Parliament and of the Council of 23 April 2009 on the geological storage of carbon dioxide (
30
).
|
|
Article 12 3b.
|
Ní thiocfaidh oibleagáid chun cinn i dtaobh lamháltais a thabhairt suas i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a bheith gafa agus úsáidte sa chaoi is go bhfuil siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar faoin ngnáthúsáid a bhaintear astu, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a dhéanfar tar éis dheireadh ré an táirge. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil gáis ceaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Article 12 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirtear na lamháltais ar ceal ag aon tráth arna iarraidh sin don duine a bhfuil siad ina seilbh aige. I gcás ina ndúntar toilleadh giniúna leictreachais ina gcríoch féin i ngeall ar bhearta náisiúnta eile, féadfaidh Ballstáit lamháltais a chealú, agus moltar go láidir dóibh déanamh amhlaidh, ó chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant acu dá dtagraítear in Airteagal 10(2) suas go méid a chomhfhreagraíonn do mheán-astaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse 5 bliana roimh an dúnadh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoin gcealú atá beartaithe, nó faoi na cúiseanna nach ndéantar cealú, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4).
|
|
Article 12 5.
|
Paragraphs 1 and 2 apply without prejudice to Article 10c.
|
|
Article 12 6.
|
I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, ríomhfaidh na Ballstáit na ceanglais fritháirimh gach bliain don bhliain féilire roimhe sin i leith eitiltí go dtí Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), amach as Stáit den sórt sin agus idir Stáit den sórt sin, agus i leith eitiltí idir an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), agus faoin 30 Samhain gach bliain, cuirfidh siad na hoibreoirí aerárthaí ar an eolas. I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, ríomhfaidh na Ballstáit freisin na ceanglais fritháirimh iomlána deiridh a bhaineann le tréimhse chomhlíontachta CORSIA ar leith agus, faoin 30 Samhain den bhliain tar éis na bliana deiridh den tréimhse chomhlíontachta CORSIA ábhartha, cuirfidh siad na hoibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ar an eolas. Cuirfidh na Ballstáit oibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas ar an eolas faoi leibhéal an fhritháirimh:
(a)
tá deimhniú aeroibreora a d’eisigh Ballstát ag na hoibreoirí aerárthaí nó tá siad cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin; agus
(b)
scaoileann siad astaíochtaí bliantúla CO2 atá níos mó ná 10 000 tona, ar astaíochtaí iad a thagann ó úsáid eitleán a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg acu agus atá ag tabhairt faoi eitiltí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, seachas iad sin a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna ónar imigh siad, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Bhallstát céanna, ón 1 Eanáir 2021.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ní chuirfear astaíochtaí CO2 ó na cineálacha eitiltí seo a leanas san áireamh:
(v)
eitiltí comhraic dóiteáin;
(vi)
eitiltí arna ndéanamh roimh eitilt dhaonnúil, eitilt leighis nó eitilt comhraic dóiteáin nó ina ndiaidh, ar choinníoll go ndearnadh eitiltí den sórt sin leis an aerárthach céanna agus go raibh orthu na gníomhaíochtaí gaolmhara daonnúla, leighis nó comhraic dóiteáin a chur i gcrích nó an t-aerárthach a chur i suíomh eile tar éis na ngníomhaíochtaí sin dá chéad ghníomhaíocht eile.
|
|
Article 12 7.
|
Fad agus atáthar ag fanacht ar ghníomh reachtach lena leasaítear an Treoir seo a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais ar fud an gheilleagair agus lena gcuirtear beart domhanda margadhbhunaithe chun feidhme go hiomchuí, agus i gcás nach bhfuil an tréimhse chun gníomh reachtach den sórt sin a thrasuí imithe in éag faoin 30 Samhain 2023, agus go bhfuil an Fachtóir Fáis Earnála (FFE) le haghaidh 2022, atá le foilsiú ag ICAO, cothrom le nialas, tabharfaidh na Ballstáit, faoin 30 Samhain 2023, fógra d’oibreoirí aerárthaí go bhfuil, i ndáil leis an mbliain 2022, a gceanglais fritháirithe de réir bhrí mhír 3.2.1 de SARPanna CORSIA de chuid ICAO cothrom le nialas.
|
|
Article 12 8.
|
Maidir le ríomh na gceanglas fritháirimh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo chun críocha CORSIA, déanfar an ríomh sin i gcomhréir le modheolaíocht atá le sainiú ag an gCoimisiún i ndáil le heitiltí chuig Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), amach as Stáit den sórt sin agus idir Stáit den sórt sin, agus i ndáil le heitiltí idir an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus na Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3). Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an mhodheolaíocht chun na ceanglais fritháirimh a ríomh d’oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Go háirithe, tabharfar mionsonraí breise sna gníomhartha cur chun feidhme sin maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a eascraíonn as forálacha ábhartha na Treorach seo, go háirithe Airteagail 3c, 11a, 12 agus 25a, agus, a mhéid is féidir i bhfianaise fhorálacha ábhartha na Treorach seo, as na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil le haghaidh CORSIA (SARPanna CORSIA). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). Déanfar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2024.
|
|
Article 12 9.
|
Maidir le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, ní chealóidh siad na haonaid dá dtagraítear in Airteagal 11a ach amháin i leith na cainníochta ar thug an Ballstát sin fógra ina leith, i gcomhréir le mír 6, i dtaca leis an tréimhse chomhlíontachta CORSIA ábhartha. Déanfar an cealú faoin 31 Eanáir 2025 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2021 go 2023 agus faoin 31 Eanáir 2028 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2024 go 2026.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|