|
Más mó meánphraghas lamháltais don 6 mhí féilire roimhe sin ná 2,4 oiread mheánphraghas lamháltais na tréimhse tagartha don 2 bhliain roimhe sin, scaoilfear 75 mhilliún lamháltas ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814. Is éard a bheidh sa phraghas lamháltais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás lamháltas a chumhdaítear i gCaibidil II agus i gCaibidil III, praghas na gceantanna a dhéantar i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 10(4.) Is éard a bheidh sa tréimhse thagartha 2 bhliain roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír an tréimhse 2 bhliain a chríochnaíonn roimh an gcéad mhí den tréimhse 6 mhí féilire dá dtagraítear san fhomhír sin. I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll sa chéad fhomhír den mhír seo agus nach bhfuil mír 2 infheidhme, foilseoidh an Coimisiún fógra chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina léireofar an dáta ar a comhlíonadh an coinníoll. Foilseoidh an Coimisiún, laistigh de na chéad 3 lá oibre de gach mí, meánphraghas lamháltais don na 6 mhí féilire roimhe sin agus meánphraghas lamháltais na tréimhse tagartha don 2 bhliain roimhe sin. Mura ndéanfar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, foilseoidh an Coimisiún freisin an leibhéal a mbeadh ar an meánphraghas an lamháltais a shroicheadh sa mhí dár gcionn chun an coinníoll dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh.
|