+Airteagal 30c Cainníocht iomlán uile-Aontais na lamháltas
---+Airteagal 30c 1.
---+Airteagal 30c 2.
---+Airteagal 30c 3.
---+Airteagal 30c 4.

Airteagal 30c Cainníocht iomlán uile-Aontais na lamháltas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30c 1.
Laghdófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó 2027 ar aghaidh ar bhealach líneach ag tosú in 2024. Saineofar luach 2024 mar theorainneacha astaíochtaí 2024, arna ríomh ar bhonn na n-astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 40 ) le haghaidh na n-earnálacha a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an chonair laghdaithe línigh á cur i bhfeidhm le haghaidh na n-astaíochtaí uile laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. Laghdófar an chainníocht gach bliain i ndiaidh 2024 faoi chonair laghdaithe línigh de 5,10 %. Faoin 1 Eanáir 2025, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh na bliana 2027.
Airteagal 30c 2.
Laghdófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó 2028 ar aghaidh ar bhealach líneach ag tosú in 2025 ar bhonn na meánastaíochtaí a thuairisceofar faoin gCaibidil seo le haghaidh na mblianta 2024 go 2026. Laghdófar cainníocht na lamháltas faoi chonair laghdaithe línigh de 5,38 %, seachas má bhíonn feidhm ag coinníollacha a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IIIa, agus sa chás sin, laghdófar an chainníocht faoi chonair laghdaithe línigh a choigeartófar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IIIa. Faoin 30 Meitheamh 2027, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh 2028 agus, más gá, an fachtóir laghdaithe línigh coigeartaithe.
Airteagal 30c 3.
Déanfar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo a choigeartú i gcás gach bliana ó 2028 ar aghaidh chun cúiteamh a dhéanamh ar chainníocht na lamháltas a thugtar suas i gcásanna nárbh fhéidir áireamh dúbailte astaíochtaí a sheachaint nó i gcás ina bhfuil lamháltais tugtha suas i gcás astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo dá dtagraítear in Airteagal 30f(5). Beidh an coigeartú ag comhfhreagairt do mhéid iomlán na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a cúitíodh sa bhliain ábhartha tuairiscithe de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30f(5), an dara fomhír.
Airteagal 30c 4.
Aon Bhallstát a dhéanann, de bhun Airteagal 30j, an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a leathnú go haontaobhach chuig earnálacha nach bhfuil liostaithe san Iarscríbhinn sin, áiritheoidh sé go gcuirfidh na heintitis rialáilte lena mbaineann tuarascáil chuí-réasúnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 30f, faoi bhráid an údaráis inniúil ábhartha faoin 30 Aibreán den bhliain ábhartha. Má tá bunús cuí-réasúnaithe leis na sonraí a thíolactar, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra ina leith don Choimisiún faoin 30 Meitheamh den bhliain ábhartha. Déanfar cainníocht na lamháltais atá le heisiúint faoi mhír 1 a choigeartú agus an tuarascáil chuí-réasúnaithe arna tíolacadh ag na heintitis rialáilte á cur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.