+Airteagal 30e Aistriú, tabhairt suas agus cur ar ceal lamháltas
---+Airteagal 30e 1.
---+Airteagal 30e 2.
---+Airteagal 30e 3.
---+Airteagal 30e 4.

Airteagal 30e Aistriú, tabhairt suas agus cur ar ceal lamháltas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30e 1.

Beidh feidhm ag Airteagal 12 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, cé is moite de mhíreanna 3 agus 3a, mír 4, an dara habairt agus an tríú habairt, agus mír 5 den Airteagal sin. Chun na críche seo:

(a) 

léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(b) 

léifear aon tagairt d’oibreoirí suiteálacha amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(c) 

léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.

Airteagal 30e 2.
Ón 1 Eanáir 2028 amach, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Bealtaine gach bliain go dtabharfaidh an t-eintiteas rialáilte méid áirithe lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo suas, arb ionann iad agus astaíochtaí iomlána eintitis rialáilte a fhreagraíonn do chainníocht na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III, sa bhliain féilire roimhe sin mar atá fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus 30f, agus go ndéanfar na lamháltais sin a chur ar ceal ina dhiaidh sin.
Airteagal 30e 3.

Go dtí an 31 Nollaig 2030, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil eintiteas rialáilte atá bunaithe i mBallstát ar leith faoi réir cáin náisiúnta carbóin a bheidh i bhfeidhm do na blianta 2027 go 2030, lena gcumhdaítear an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an t-eintiteas rialáilte sin a dhíolmhú ón oibleagáid lamháltais a thabhairt suas faoi mhír 2 den Airteagal seo i gcás bliana tagartha ar leith, ar choinníoll:

(a) 

go dtugann an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoina cháin charbóin náisiúnta sin faoin 31 Nollaig 2023, agus go bhfuil an dlí náisiúnta lena socraítear na rátaí cánach is infheidhme do na blianta 2027 go 2030 tagtha i bhfeidhm, faoin dáta sin; go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcáin náisiúnta carbóin;

(b) 

i gcás na bliana tagartha, go bhfuil cáin náisiúnta carbóin an Bhallstáit lena mbaineann a íocann an t-eintiteas rialáilte sin go héifeachtach níos airde ná an meánphraghas imréitigh do cheantáil an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú faoin gCaibidil seo;

(c) 

go gcomhlíonann an t-eintiteas rialáilte go hiomlán na hoibleagáidí faoi Airteagal 30b maidir le ceadanna astaíochtaí ceaptha teasa agus Airteagal 30f maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar a astaíochtaí;

(d) 

go dtugann an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi chur i bhfeidhm aon díolúine den sórt sin agus faoi mhéid comhfhreagrach na lamháltas atá le cealú i gcomhréir le pointe (g) den fhomhír seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4), faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana tagartha;

(e) 

nach ndéanann an Coimisiún agóid i gcoinne chur i bhfeidhm an mhaolaithe ar an bhforas nach bhfuil an beart ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo, laistigh de 3 mhí tar éis fógra a fháil faoi phointe (a) den fhomhír seo nó laistigh de mhí amháin tar éis fógra a thabhairt don bhliain ábhartha faoi phointe (d) den fhomhír seo;

(f) 

nach gcuireann an Ballstát lena mbaineann méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 30d(5) ar ceant le haghaidh bliain tagartha ar leith go dtí go gcinnfear méid na lamháltas a bheidh le cur ar ceal faoin mír seo i gcomhréir le pointe (g) den fhomhír seo; nach gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon mhéid breise lamháltas ar ceant de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 30d(2);

(g) 

má chealaíonn an Ballstát lena mbaineann méid lamháltas ó chainníocht iomlán na lamháltas atá le cur ar ceant aige, dá dtagraítear in Airteagal 30d(5), don bhliain tagartha, ar méid é atá cothrom le hastaíochtaí fíoraithe an eintitis rialáilte sin faoin gCaibidil seo don bhliain tagartha; i gcás ina mbeidh méid na lamháltas a bheidh fós le cur ar ceant sa bhliain tagartha tar éis pointe (f) den fhomhír seo a chur i bhfeidhm faoi bhun mhéid na lamháltas a bheidh le cur ar ceal faoin mír seo, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcealóidh sé méid na lamháltas a chomhfhreagraíonn don difríocht faoi dheireadh na bliana tar éis na bliana tagartha; agus

(h) 

go ngeallann an Ballstát lena mbaineann, tráth a dtabharfar an chéad fhógra faoi phointe (a) den fhomhír seo, go n-úsáidfidh sé, le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear nó dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30d(6), méid atá coibhéiseach leis an ioncam a mbeadh feidhm ag Airteagal 30d(6) maidir leis in éagmais an mhaolaithe sin. Beidh feidhm ag Airteagal 30d(6), an dara fomhír agus an tríú fomhír, agus áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis a gheofar dá bhun i gcomhréir leis an ngealltanas a rinneadh faoin bpointe seo.

Ní dhéanfaidh méid na lamháltas atá le cealú faoin gcéad fhomhír, pointe (g), den mhír seo difear don ioncam sannta seachtrach arna bhunú de bhun Airteagal 30d(4) den Treoir seo ná, i gcás inar bunaíodh é de bhun Airteagal 311, an triú mír, CFAE, d’acmhainní dílse bhuiséad an Aontais de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ( 41 ) ón gComhairle ón ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant i gcomhréir le hAirteagal 30d den Treoir seo.

Airteagal 30e 4.
Féadfar cúiteamh airgid a sholáthar d’ospidéil nach bhfuil faoi réim Chaibidil III as an gcostas a cuireadh orthu mar gheall ar lamháltais a thabhairt suas faoin gCaibidil seo. Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha na Caibidle seo is infheidhme maidir le cásanna an chomhairimh dhúbailte.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.