|
+Airteagal 30l Comhairle eolaíoch |
Airteagal 30l Comhairle eolaíochAirteagal 30l Comhairle eolaíoch Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide (“an Bord Comhairleach”) arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 42 ), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir leis an Treoir seo. Cuirfidh an Coimisiún comhairle agus tuarascálacha ábhartha an Bhoird Chomhairligh san áireamh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an gá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais chun comhlíonadh na gcuspóirí agus na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Treoir seo a áirithiú;
(b)
an gá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise comhaontuithe maidir le bearta domhanda laistigh de ICAO chun tionchar na heitlíochta ar an aeráid a laghdú, agus i bhfianaise uaillmhian agus sláine comhshaoil an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda ó IMO dá dtagraítear in Airteagal 3gg den Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|