+IARSCRÍBHINN III GNÍOMHAÍOCHT ATÁ CUMHDAITHE LE CAIBIDIL Iva

IARSCRÍBHINN III GNÍOMHAÍOCHT ATÁ CUMHDAITHE LE CAIBIDIL Iva




IARSCRÍBHINN III

GNÍOMHAÍOCHT ATÁ CUMHDAITHE LE CAIBIDIL Iva



Gníomhaíocht

Gáis ceaptha teasa

Breoslaí a caoileadh lena dtomhailt a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise. Ní áireofar leis an ngníomhaíocht sin:
(a)  breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt a úsáidtear sna gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ach amháin má úsáidtear iad i gcomhair dócháin agus gáis ceaptha teasa á n-iompar le haghaidh stóráil gheolaíoch mar a leagtar amach sa tábla, ró 27 den Iarscríbhinn sin nó má úsáidtear iad le haghaidh dócháin i suiteálacha a eisiatar faoi Airteagal 27a;
(b)  breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt arb ionann an fachtóir astaíochta lena n-aghaidh agus nialas; ►C4  
(c)  dramhaíl ghuaiseach nó dramhaíl chathrach a scaoileadh lena tomhailt a úsáidtear mar bhreosla.  ◄
Comhfhreagróidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar do na foinsí astaíochtaí seo a leanas, atá sainithe i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa, agus na leasuithe is gá déanta ar na sainmhínithe sin mar seo a leanas:
(a)  Comhghiniúint Cumhachta agus Teasa (CHP) (cód catagóire foinse 1A1a ii) agus Gléasraí Teasa (cód catagóire foinse 1A1a iii), sa mhéid go dtáirgeann siad teas le haghaidh catagóirí faoi phointí (c) agus (d) den mhír seo, go díreach nó trí líonraí téimh ceantair;

Dé-ocsaíd charbóin

(b)  Iompar de Bhóthar (cód catagóire foinse 1A3b), seachas feithiclí talmhaíochta a úsáid ar bhóithre pábháilte;

(c)  Tráchtáil / Institiúideach (cód catagóire foinse 1A4a);

(d)  Cónaitheach (cód catagóire foinse 1A4b).

Comhfhreagróidh earnálacha breise do na foinsí astaíochtaí seo a leanas, atá sainithe i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa:

(a)  Tionscail Fuinnimh (cód catagóire foinse 1A1), cé is moite de na catagóirí a shainmhínítear faoin dara mír, pointe (a), den Iarscríbhinn seo;

(b)  Tionscail Mhonaraíochta agus Foirgníocht (cód catagóire foinse 1A2).

 

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.