+Airteagal 1 Cuspóir agus Raon Feidhme
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
|
Airteagal 1 Cuspóir agus Raon Feidhme
Cuspóir agus Raon Feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Is é is cuspóir do thionscnamh an aerspáis Eorpaigh aonair ná caighdeáin sábháilteachta reatha aerthráchta a fheabhsú, rannchuidiú a dhéanamh maidir le forbairt inbhuanaithe an chórais aeriompair a neartú agus feidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta (BAT) agus na seirbhísí aerloingseoireachta (SAL) ó thaobh gnáth-aerthráchta de san Eoraip a fheabhsú, d’fhonn freastal ar riachtanais úsáideoirí uile an aerspáis. Cuimseoidh an t-aerspás Eorpach aonair seo gréasán comhleanúnach pan-Eorpach bealaí, córais bhainistíochta gréasáin agus bhainistíochta aerthráchta atá bunaithe ar nithe a bhaineann le sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cúrsaí teicniúla, agus ar na nithe sin amháin, ar mhaithe leis na húsáideoirí aerpáis uile. D’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, bunaítear creat comhchuibhithe rialála leis an Rialachán seo chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Beidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 gan dochar do cheannasacht na mBallstát ar a n-aerspás agus do cheanglais na mBallstát a bhaineann le hord poiblí, le slándáil phoiblí agus le nithe a bhaineann le cosaint, mar a leagtar amach in Airteagal 13. Ní chlúdaítear oibríochtaí míleata ná traenáil mhíleata leis an Rialachán seo ná leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Beidh feidhmiú an Rialacháin seo agus feidhmiú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 gan dochar do chearta agus do dhualgais na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago 1944 ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’). Sa chomhthéacs seo, tá sé mar chuspóir breise de chuid an Rialacháin seo, i dtaca leis na réimsí a chlúdaítear ann, go dtabharfar cabhair do na Ballstáit i ndáil le comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Chicago trí bhonn a sholáthar maidir le léirmhíniú coiteann agus cur chun feidhme aonfhoirmeach a chuid forálacha agus trína áirithiú go dtugtar aird chuí ar na forálacha sin sa Rialachán seo agus sna rialacha a tharraingeofar suas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Tuigtear i ndáil cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le haerfort Ghiobráltar gur cur i bhfeidhm é atá gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne ná do sheasamh dlíthiúil Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann faoi seach maidir leis an díospóid faoi cheannasacht ar an gcríoch ina bhfuil an t-aerfort suite.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.12.2009 00:00:00 -Doknr: CELEX:32004R0549
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|