|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.D’fhonn feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin san aerspás Eorpach aonair a fheabhsú, déanfar scéim feidhmíochta a chur ar bun le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Áireofar an méid seo a leanas sa scéim sin:
(a)
spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis na réimsí tábhachtacha feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht, leis an gcomhshaol, le toilleadh agus le cost-éifeachtúlacht;
(b)
pleananna náisiúnta nó pleananna le haghaidh bloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, á áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail; agus
(c)
athbhreithniú tréimhsiúil, faireachán tréimhsiúil agus tagarmharcáil thréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|