+Airteagal 11 Scéim feidhmíochta
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
|
Airteagal 11 Scéim feidhmíochta
Scéim feidhmíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
D’fhonn feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin san aerspás Eorpach aonair a fheabhsú, déanfar scéim feidhmíochta a chur ar bun le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Áireofar an méid seo a leanas sa scéim sin:
(a)
spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis na réimsí tábhachtacha feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht, leis an gcomhshaol, le toilleadh agus le cost-éifeachtúlacht;
(b)
pleananna náisiúnta nó pleananna le haghaidh bloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, á áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail; agus
(c)
athbhreithniú tréimhsiúil, faireachán tréimhsiúil agus tagarmharcáil thréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin.
|
|
Airteagal 11 2.
|
I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh an Coimisiún Eurocontrol nó comhlacht neamhchlaonta inniúil eile a ainmniú chun gníomhú mar ‘comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta’. Is é a bheidh i ról an chomhlachta athbhreithnithe feidhmíochta ná cuidiú leis an gCoimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus cuidiú leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, nuair a iarrtar sin, i dtaca leis an scéim feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme. Áiritheoidh an Coimisiún go ngníomhóidh an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ar bhealach neamhspleách le linn na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún dó a chomhall.
|
|
Airteagal 11 3.
|
(a)
Déanfaidh an Coimisiún na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis an ngréasán bainistíochta aerthráchta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), tar éis na hionchuir ábhartha ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis a chur san áireamh.
(b)
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna náisiúnta nó na pleananna bloc feidhme aerspáis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a tharraingt suas agus glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit iad. Áireofar sna pleananna sin spriocanna ceangailteacha náisiúnta nó spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis mar aon le scéim dreasachta iomchuí arna ghlacadh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit. Beidh dréachtú na bpleananna faoi réir comhairliúcháin le soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, ionadaithe úsáideoirí aerspáis, agus, i gcás inarb iomchuí, oibreoirí aerfoirt agus comhordaitheoirí aerfoirt.
(c)
Déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a mheas trí úsáid a bhaint as na critéir measúnaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 6.
I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na spriocanna náisiúnta nó de na spriocanna bloic feidhme aerspáis na critéir measúnaithe, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2), moladh a eisiúint á rá go ndéanfadh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann sprioc feidhmíochta nó spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe a mholadh. Glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe agus bearta iomchuí, ar spriocanna agus bearta iad a chuirfear in iúl don Choimisiún in am trátha.
I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ná na bearta iomchuí athbhreithnithe leordhóthanach, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), go nglacfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta ceartaitheacha.
De rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ach fianaise thacaíochta leordhóthanach a bheith aige, na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
(d)
Cuimseoidh an tréimhse thagartha don scéim feidhmíochta tréimhse trí bliana ar a laghad agus tréimhse cúig bliana ar a mhéad. I rith na tréimhse sin, agus i gcás nach gcomhlíontar na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis, cuirfidh na Ballstáit agus/nó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na bearta iomchuí a bheidh sainithe acu i bhfeidhm. Cuimseoidh an chéad tréimhse thagartha na chéad trí bliana i ndiaidh ghlacadh na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.
(e)
Déanfaidh an Coimisiún measúnachtaí rialta ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus cuirfidh sé torthaí na measúnachtaí sin faoi bhráid Choiste an Aerspáis Aonair.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas i leith na scéime feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1:
(a)
bailiú, bailíochtú, scrúdú, meastóireacht agus scaipeadh sonraí ábhartha a bhaineann le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin agus a thagann ó na páirtithe ábhartha go léir, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, na Ballstáit agus Eurocontrol;
(b)
roghnú na réimsí tábhachtacha feidhmíochta iomchuí ar bhonn Dhoiciméad ICAO Uimh. 9854 ‘Global Air Traffic Mangement Operational Concept’, ar réimsí iad a bheidh comhsheasmhach leo sin atá sainaitheanta i gCreat Feidhmíochta Mháistirphlean BAT, lena n-áirítear sábháilteacht, an comhshaol, acmhainneacht agus costéifeachtúlacht, arna n-oiriúnú nuair is gá chun aird a thabhairt ar riachtanais shonracha an aerspáis Eorpaigh aonair agus ar chuspóirí ábhartha do na réimsí sin mar aon le sainiú sraithe teoranta táscairí tábhachtacha feidhmíochta chun an fheidhmíocht a thomhas;
(c)
spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a bhunú, ar spriocanna iad a shaineofar agus ionchuir arna sainaithint ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis á gcur san áireamh;
(d)
na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a mheasúnú ar bhonn an phlean náisiúnta nó an phlean bloic feidhme aerspáis; agus
(e)
faireachán ar na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó ar na pleananna feidhmíochta bloic aerspáis feidhme, lena n-áirítear sásraí iomchuí foláirimh.
Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta nósanna imeachta dá dtagraítear sa mhír seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4).
|
|
Airteagal 11 5.
|
Agus an scéim feidhmíochta á bunú, cuirfear san áireamh go bhfuil seirbhísí faoi bhealach, seirbhísí críochfoirt agus feidhmeanna gréasáin éagsúil lena chéile agus gur cheart déileáil leo dá réir sin agus, más gá, chun críocha tomhaiste feidhmíochta freisin.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Ar mhaithe le feidhmiú mionsonraithe na scéime feidhmíochta, déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Nollaig 2011 agus laistigh d’amscála a bheidh oiriúnach chun na spriocamanna ábhartha atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3). Cumhdóidh na rialacha cur chun feidhme sin na nithe seo a leanas:
(a)
inneachar agus tráthchlár na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4;
(b)
an tréimhse thagartha agus na heatraimh chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus chun spriocanna nua a shocrú;
(c)
na critéir ar dá réir a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó na pleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chur ar bun, ar pleananna iad ina mbeidh na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis agus an scéim dreasachta. Maidir leis na pleananna feidhmíochta sin:
(i)
beidh siad bunaithe ar phleananna gnó na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta;
(ii)
tabharfar aghaidh iontu ar ghnéithe costais uile an bhoinn costais náisiúnta nó an bhoinn costais don bhloc feidhme aerspáis;
(iii)
áireofar iontu spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a bheidh comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Comhphobail;
(d)
critéir chun a mheas an bhfuil na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i rith na tréimhse tagartha agus chun tacú le sásraí foláirimh;
(e)
prionsabail ghinearálta maidir le Ballstáit do chur scéim dreasachta ar bun;
(f)
prionsabail maidir le sásra idirthréimhseach a chur i bhfeidhm a bheidh riachtanach maidir le hoiriúnú a dhéanamh i gcomhair fheidhmiú na scéime feidhmíochta agus nach rachaidh thar 12 mhí tar éis an trátha a nglacfar leis na rialacha cur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.12.2009 00:00:00 -Doknr: CELEX:32004R0549
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|