|
+Airteagal 11 3. |
Airteagal 11 3.
(a)
Déanfaidh an Coimisiún na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis an ngréasán bainistíochta aerthráchta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), tar éis na hionchuir ábhartha ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis a chur san áireamh.
(b)
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna náisiúnta nó na pleananna bloc feidhme aerspáis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a tharraingt suas agus glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit iad. Áireofar sna pleananna sin spriocanna ceangailteacha náisiúnta nó spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis mar aon le scéim dreasachta iomchuí arna ghlacadh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit. Beidh dréachtú na bpleananna faoi réir comhairliúcháin le soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, ionadaithe úsáideoirí aerspáis, agus, i gcás inarb iomchuí, oibreoirí aerfoirt agus comhordaitheoirí aerfoirt.
(c)
Déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a mheas trí úsáid a bhaint as na critéir measúnaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 6. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na spriocanna náisiúnta nó de na spriocanna bloic feidhme aerspáis na critéir measúnaithe, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2), moladh a eisiúint á rá go ndéanfadh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann sprioc feidhmíochta nó spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe a mholadh. Glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe agus bearta iomchuí, ar spriocanna agus bearta iad a chuirfear in iúl don Choimisiún in am trátha. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ná na bearta iomchuí athbhreithnithe leordhóthanach, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), go nglacfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta ceartaitheacha. De rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ach fianaise thacaíochta leordhóthanach a bheith aige, na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
(d)
Cuimseoidh an tréimhse thagartha don scéim feidhmíochta tréimhse trí bliana ar a laghad agus tréimhse cúig bliana ar a mhéad. I rith na tréimhse sin, agus i gcás nach gcomhlíontar na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis, cuirfidh na Ballstáit agus/nó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na bearta iomchuí a bheidh sainithe acu i bhfeidhm. Cuimseoidh an chéad tréimhse thagartha na chéad trí bliana i ndiaidh ghlacadh na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.
(e)
Déanfaidh an Coimisiún measúnachtaí rialta ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus cuirfidh sé torthaí na measúnachtaí sin faoi bhráid Choiste an Aerspáis Aonair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|