|
+Airteagal 11 4. |
Airteagal 11 4.Beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas i leith na scéime feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1:
(a)
bailiú, bailíochtú, scrúdú, meastóireacht agus scaipeadh sonraí ábhartha a bhaineann le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin agus a thagann ó na páirtithe ábhartha go léir, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, na Ballstáit agus Eurocontrol;
(b)
roghnú na réimsí tábhachtacha feidhmíochta iomchuí ar bhonn Dhoiciméad ICAO Uimh. 9854 ‘Global Air Traffic Mangement Operational Concept’, ar réimsí iad a bheidh comhsheasmhach leo sin atá sainaitheanta i gCreat Feidhmíochta Mháistirphlean BAT, lena n-áirítear sábháilteacht, an comhshaol, acmhainneacht agus costéifeachtúlacht, arna n-oiriúnú nuair is gá chun aird a thabhairt ar riachtanais shonracha an aerspáis Eorpaigh aonair agus ar chuspóirí ábhartha do na réimsí sin mar aon le sainiú sraithe teoranta táscairí tábhachtacha feidhmíochta chun an fheidhmíocht a thomhas;
(c)
spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a bhunú, ar spriocanna iad a shaineofar agus ionchuir arna sainaithint ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis á gcur san áireamh;
(d)
na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a mheasúnú ar bhonn an phlean náisiúnta nó an phlean bloic feidhme aerspáis; agus
(e)
faireachán ar na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó ar na pleananna feidhmíochta bloic aerspáis feidhme, lena n-áirítear sásraí iomchuí foláirimh. Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta nósanna imeachta dá dtagraítear sa mhír seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|