|
+Airteagal 11 6. |
Airteagal 11 6.Ar mhaithe le feidhmiú mionsonraithe na scéime feidhmíochta, déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Nollaig 2011 agus laistigh d’amscála a bheidh oiriúnach chun na spriocamanna ábhartha atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3). Cumhdóidh na rialacha cur chun feidhme sin na nithe seo a leanas:
(a)
inneachar agus tráthchlár na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4;
(b)
an tréimhse thagartha agus na heatraimh chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus chun spriocanna nua a shocrú;
(c)
na critéir ar dá réir a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó na pleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chur ar bun, ar pleananna iad ina mbeidh na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis agus an scéim dreasachta. Maidir leis na pleananna feidhmíochta sin:
(i)
beidh siad bunaithe ar phleananna gnó na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta;
(ii)
tabharfar aghaidh iontu ar ghnéithe costais uile an bhoinn costais náisiúnta nó an bhoinn costais don bhloc feidhme aerspáis;
(iii)
áireofar iontu spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a bheidh comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Comhphobail;
(d)
critéir chun a mheas an bhfuil na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i rith na tréimhse tagartha agus chun tacú le sásraí foláirimh;
(e)
prionsabail ghinearálta maidir le Ballstáit do chur scéim dreasachta ar bun;
(f)
prionsabail maidir le sásra idirthréimhseach a chur i bhfeidhm a bheidh riachtanach maidir le hoiriúnú a dhéanamh i gcomhair fheidhmiú na scéime feidhmíochta agus nach rachaidh thar 12 mhí tar éis an trátha a nglacfar leis na rialacha cur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|