Airteagal 13a
Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa
Le linn an Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (
8
) a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir lena róil faoi seach mar a fhoráiltear dóibh leis an Rialachán seo, comhordú mar is iomchuí le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa lena áirithiú go dtugtar aghaidh mar is cuí ar na gnéithe sábháilteachta go léir.
▼B