+Airteagal 2 Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 2 6.
|
Airteagal 2 Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta
Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 den chreat-Rialachán maoirseacht iomchuí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le hoibriú sábháilte éifeachtúil na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann leis an aerspás a thagann faoi chúram an Bhallstáit a d’ainmnigh nó a bhunaigh an t-údarás ábhartha.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Chun na críche sin, eagróidh gach údarás maoirseachta náisiúnta cigireachtaí agus suirbhéanna cuí d’fhonn a fhíorú go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais acmhainní daonna a bhaineann le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta. Éascóidh an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann an obair sin.
|
|
Airteagal 2 3.
|
Maidir leis na bloic feidhme aerspáis a shíneann thar aerspás a thagann faoi chúram níos mó ná Ballstát amháin, tiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú faoin maoirseacht dá bhforáiltear san Airteagal seo i ndáil leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a bhaineann leis na bloic sin.
|
|
Airteagal 2 4.
|
Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta go dlúth lena chéile d’fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht leordhóthanach ar na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a shealbhaíonn deimhniú bailí ó Bhallstát áirithe a sholáthraíonn seirbhísí freisin a bhaineann leis an aerspás a thagann faoi chúram Ballstáit eile. Áireofar sa chomhoibriú sin socruithe maidir le láimhseáil cásanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gceanglas coiteann is infheidhme agus a leagtar amach in Airteagal 6 nó le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
|
|
Airteagal 2 5.
|
I gcás soláthair trasteorann seirbhísí aerloingseoireachta, áireofar sna socruithe sin comhaontú faoi aitheantas frithpháirteach na gcúraimí maoirseachta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 mar aon le torthaí na gcúraimí sin. Beidh feidhm ag an aitheantas frithpháirteach sin freisin i gcás ina ndéanfar socruithe i dtaobh aitheantais idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le próiseas deimhniúcháin na soláthraithe seirbhísí.
|
|
Airteagal 2 6.
|
Má cheadaítear é leis an dlí náisiúnta, agus comhar réigiúnach á chur san áireamh, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta comhaontuithe a thabhairt i gcrích freisin maidir le roinnt na bhfreagrachtaí i leith na gcúraimí maoirseachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.12.2009 00:00:00 -Doknr: CELEX:32004R0550
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|