+Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1. 

ciallaíonn “eitlíocht shibhialta” aon oibríocht aeir a dhéantar le haerárthaí sibhialta, cé is moite de na hoibríochtaí a dhéantar le haerárthaí stáit dá dtagraítear in Airteagal 3 de Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta;

2. 

ciallaíonn “slándáil eitlíochta” an teaglaim de bhearta agus d’acmhainní daonna agus d’acmhainní ábhartha arna ceapadh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt;

3. 

ciallaíonn “oibreoir” duine, eagraíocht nó fiontar a ghabhann d’oibríocht aeriompair, nó a thairgeann gabháil di;

4. 

ciallaíonn “aeriompróir” gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige;

5. 

ciallaíonn “aeriompróir Comhphobail” aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh Ballstát i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le haeriompróirí a cheadúnú ( 1 );

6. 

ciallaíonn “eintiteas” duine, eagraíocht nó fiontar, seachas oibreoir;

7. 

ciallaíonn “earraí toirmiscthe” airm, pléascáin nó feistí contúirteacha, earraí contúirteacha nó substaintí contúirteacha eile a fhéadfar a úsáid chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh a chuirfeadh slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt;

8. 

ciallaíonn “braitheoireacht” meáin theicniúla nó meáin eile a chur i bhfeidhm a cheaptar chun earraí toirmiscthe a aithint agus/nó a bhrath;

9. 

ciallaíonn “rialú slándála” meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar earraí toirmiscthe a thabhairt isteach;

10. 

ciallaíonn “rialú rochtana” meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe nó ar fheithiclí neamhúdaraithe, nó ar dhaoine neamhúdaraithe agus ar fheithiclí neamhúdaraithe araon, teacht isteach;

11. 

ciallaíonn “taobh an aeir” limistéar gluaiseachta an aerfoirt, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice an limistéir sin agus a bhfuil rochtain orthu srianta;

12. 

ciallaíonn “taobh na tíre” na codanna sin d’aerfort, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice leo nach bhfuil ar thaobh an aeir;

13. 

ciallaíonn “limistéar srianta slándála” an limistéar sin ar thaobh an aeir a bhfuil srian ar rochtain air, agus a gcuirtear caighdeáin eile i bhfeidhm ann chomh maith maidir le slándáil eitlíochta;

14. 

ciallaíonn “limistéar críochaithe” limistéar atá deighilte ag rialú rochtana ó na limistéir shrianta slándála, nó, más limistéar srianta slándála atá sa limistéar críochaithe féin, limistéar atá deighilte ó limistéir shrianta slándála eile an aerfoirt;

15. 

ciallaíonn “seiceáil cúlra” seiceáil thaifeadta ar chéannacht duine, lena n-áirítear aon stair choiriúil a bheadh aige, mar chuid den mheasúnú ar oiriúnacht duine do rochtain gan choimhdeacht ar limistéir shrianta slándála;

16. 

ciallaíonn “paisinéirí, bagáiste, lasta nó post traschuir” paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar aerárthach seachas an ceann ar tháinig siad isteach air;

17. 

ciallaíonn “paisinéirí, bagáiste, lasta nó post idirthurais” paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar an aerárthach céanna ar tháinig siad isteach air;

18. 

ciallaíonn “paisinéir a d’fhéadfadh a bheith treampánach” paisinéir ar díbeartach é, nó ar duine é a mheastar a bheith neamh-inghlactha ar chúiseanna inimirce nó ar duine é atá i gcoimeád dleathach;

19. 

ciallaíonn “bagáiste cábáin” bagáiste a bheartaítear a iompar i gcábán aerárthaigh;

20. 

ciallaíonn “bagáiste boilg” bagáiste a bheartaítear a iompar i mbolg aerárthaigh;

21. 

ciallaíonn “bagáiste boilg faoi thionlacan” bagáiste atá á iompar i mbolg aerárthaigh agus atá cláraithe d’eitilt ag paisinéir atá ag taisteal ar an eitilt chéanna sin;

22. 

ciallaíonn “post aeriompróra” post ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dó;

23. 

ciallaíonn “ábhair aeriompróra” ábhair ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dóibh nó ábhair atá á n-úsáid ag aeriompróir;

24. 

ciallaíonn “post” comhfhreagras agus earraí eile a sheoltar, seachas post aeriompróra, arna dtairiscint ag seirbhísí poist agus a bheartaítear a sheachadadh chuig seirbhísí poist i gcomhréir le rialacha an Aontais Phoist Uilechoitinn;

25. 

ciallaíonn “lasta” aon mhaoin atá le hiompar ar aerárthach, seachas bagáiste, post, post aeriompróra, ábhair aeriompróra agus soláthairtí ar eitiltí;

26. 

ciallaíonn “gníomhaire rialaithe” aeriompróir, gníomhaire, seoltóir lasta nó aon eintiteas eile a áirithíonn go ndéanfar rialuithe slándála i ndáil le lasta nó le post;

27. 

ciallaíonn “coinsíneoir aitheanta” coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir lasta nó post a iompar ar aerárthach ar bith;

28. 

ciallaíonn “coinsíneoir cuntais” coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir an lasta sin a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach lasta, nó chun gur féidir an post a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach post;

29. 

ciallaíonn “seiceáil slándála ar aerárthach” iniúchadh ar na codanna sin den taobh istigh den aerárthach a bhféadfadh na paisinéirí rochtain a bheith acu orthu, chomh maith le hiniúchadh ar bholg an aerárthaigh d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach ar an aerárthach a bhrath;

30. 

ciallaíonn “cuardach slándála ar aerárthach” iniúchadh ar na codanna sin taobh istigh den aerárthach agus taobh amuigh den aerárthach a mbeadh rochtain orthu d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach a bhrath a chuireann slándáil an aerárthaigh i gcontúirt;

31. 

ciallaíonn “oifigeach slándála ar eitiltí” duine atá fostaithe ag an Stát chun taisteal ar aerárthach de chuid aeriompróra arna cheadúnú ag an mBallstát sin chun an t-aerárthach sin agus iad siúd atá ar bord a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitilte i gcontúirt.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32008R0300
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.