Trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo le cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3), leagfaidh an Coimisiún síos critéir lena gceadófar do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 agus bearta malartacha slándála a ghlacadh a chuirfidh leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil ar bhonn measúnaithe áitiúil riosca. Caithfidh na bearta malartacha sin a bheith inchosanta ar bhonn cúiseanna a bhaineann le méid an aerárthaigh, nó cúiseanna a bhaineann le cineál, le scála nó le minicíocht na n-oibríochtaí nó minicíocht gníomhaíochtaí ábhartha eile.
Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4).
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le bearta den sórt sin.