+Airteagal 4 Caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.

Airteagal 4 Caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.

Is mar a leagtar síos san Iarscríbhinn iad a bheidh na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann a slándáil i gcontúirt.

Maidir le caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna bhreise nár tuaradh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart iad a chur leis an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh.

Airteagal 4 2.

Maidir leis na bearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

Bainfidh na bearta ginearálta sin leis na nithe seo a leanas:

(a) 

modhanna braitheoireachta a cheadaítear;

(b) 

na catagóirí earraí a fhéadfar a thoirmeasc;

(c) 

maidir le rialú rochtana, na forais atá ann chun rochtain a thabhairt ar limistéir ar thaobh an aeir agus ar limistéir shrianta slándála;

(d) 

modhanna a cheadaítear chun feithiclí a scrúdú agus chun seiceálacha slándála ar aerárthaí agus cuardaigh slándála ar aerárthaí a dhéanamh;

(e) 

critéir chun coibhéis caighdeán slándála tríú tíortha a aithint;

(f) 

coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar lasta agus ar phost nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun gníomhairí rialaithe, coinsíneoirí aitheanta agus coinsíneoirí cuntais a fhormheas nó a ainmniú;

(g) 

coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra, nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad;

(h) 

coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar sholáthairtí eitilte agus ar sholáthairtí aerfoirt nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun soláthróirí rialaithe agus soláthróirí aitheanta a fhormheas nó a ainmniú;

(i) 

critéir maidir le codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála a shainiú;

(j) 

critéir maidir le hearcaíocht foirne agus le modhanna oiliúna;

(k) 

coinníollacha faoina bhféadfar nósanna imeachta speisialta i leith slándála nó díolúintí ó rialuithe slándála a chur i bhfeidhm; agus

(l) 

aon bhearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh agus nár tuaradh ag tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4).

Airteagal 4 3.

Déanfar bearta mionsonraithe do chur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta ginearálta dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Áireofar leis sin:

(a) 

ceanglais agus nósanna imeachta maidir le braitheoireacht;

(b) 

liosta d’earraí toirmiscthe;

(c) 

ceanglais agus nósanna imeachta maidir le rialú rochtana;

(d) 

ceanglais agus nósanna imeachta chun feithiclí a scrúdú agus chun seiceálacha slándála ar aerárthaí agus cuardaigh slándála ar aerárthaí a dhéanamh;

(e) 

cinntí chun coibhéis na gcaighdeán slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír a aithint;

(f) 

i gcás lasta agus poist, nósanna imeachta maidir le gníomhairí rialaithe, coinsíneoirí aitheanta agus coinsíneoirí cuntais a fhormheas nó a ainmniú, agus na hoibleagáidí a chaithfidh siad a chomhlíonadh;

(g) 

ceanglais agus nósanna imeachta maidir le rialuithe slándála a dhéanamh ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra;

(h) 

i gcás soláthairtí eitilte agus soláthairtí aerfoirt, nósanna imeachta maidir le soláthróirí rialaithe agus soláthróirí aitheanta a fhormheas nó a ainmniú, agus na hoibleagáidí a chaithfidh siad a chomhlíonadh;

(i) 

sainmhíniú ar na codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála;

(j) 

earcaíocht foirne agus riachtanais oiliúna;

(k) 

nósanna imeachta speisialta maidir le slándáil, nó díolúintí ó rialuithe slándála;

(l) 

sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta maidir le trealamh slándála a fhormheas agus a úsáid; agus

(m) 

na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach.

Agus bearta mionsonraithe á nglacadh a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta chun trealamh slándála i ndáil le córais intleachta saorga a cheadú agus a úsáid, de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 den Rialachán sin san áireamh.

Airteagal 4 4.

Trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo le cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3), leagfaidh an Coimisiún síos critéir lena gceadófar do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 agus bearta malartacha slándála a ghlacadh a chuirfidh leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil ar bhonn measúnaithe áitiúil riosca. Caithfidh na bearta malartacha sin a bheith inchosanta ar bhonn cúiseanna a bhaineann le méid an aerárthaigh, nó cúiseanna a bhaineann le cineál, le scála nó le minicíocht na n-oibríochtaí nó minicíocht gníomhaíochtaí ábhartha eile.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4).

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le bearta den sórt sin.

Airteagal 4 5.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear i bhfeidhm ar a gcríoch na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1.Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin, scrúdóidh an Coimisiún cur i

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32008R0300
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.