Déanfaidh gach oibreoir aerfoirt clár slándála aerfoirt a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.
Déanfar cur síos sa chlár sin ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an oibreoir aerfoirt chun go gcomhlíonfaidh sé an Rialachán seo agus chun go gcomhlíonfaidh sé clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta an Bhallstáit ina bhfuil an aerfort suite.
Áireofar sa chlár forálacha inmheánacha rialaithe ina mbeidh cur síos ar an gcaoi a mbeidh faireachán le déanamh ag an oibreoir aerfoirt ar chomhlíonadh na modhanna agus na nósanna imeachta sin.