Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar le húdarás iomchuí an Bhallstáit lena mbaineann, iniúchtaí a sheoladh, lena n-áirítear iniúchtaí ar aerfoirt, ar oibreoirí agus ar eintitis a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus d’fhonn moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an tslándáil eitlíochta, de réir mar is iomchuí. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás iomchuí an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn maidir leis na haerfoirt uile ar a chríoch a fhónann don eitlíocht shibhialta seachas na haerfoirt a chumhdaítear le hAirteagal 4(4).
Maidir leis na nósanna imeachta i dtaobh iniúchtaí a sheoladh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).