Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le gnóthas a dhéanann iarratas ar cheadúnas oibríochta atá ceaptha le haghaidh oibríochtaí a chumhdach a bhaineann le haerárthaí ar lú ná 10 dtonna a nUasmhais Éirí de Thalamh (MTOM) agus/nó ar lú ná 20 an líon suíochán atá iontu.
►C1
Léireoidh gnóthais den sórt sin go bhfuil glanchaipiteal EUR 100 000 ar a laghad acu ◄ nó déanfaidh siad an fhaisnéis atá ábhartha chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil nuair a éileoidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil í, go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I.
Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, mar sin féin, mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm ar ghnóthas a dhéanann iarratas ar cheadúnas oibríochta faoi fhorálacha na fomhíre roimhe seo agus a bheartaíonn aersheirbhísí sceidealta a oibriú nó a bhfuil láimhdeachas de bhreis agus EUR 3 mhilliún sa bhliain aige.