|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.Áireofar na coinníollacha a bheidh infheidhme sna táillí aeir agus sna rátaí aeir, ar táillí aeir agus rátaí aeir iad a bheidh ar fáil don phobal i gcoitinne, an tráth a fhoilseofar nó a thairgfear iad in aon fhoirm, lena n-áirítear ar an Idirlíon, d’aersheirbhísí ó aerfort a bheidh lonnaithe i gcríoch Ballstáit a mbeidh feidhm ag an gConradh maidir leis. Léireofar gach tráth an praghas deiridh a bheidh le híoc agus áireofar ann an táille aeir a bheidh infheidhme nó an ráta aeir a bheidh infheidhme chomh maith leis na cánacha uile a bheidh infheidhme, agus na muirir, na fomhuirir agus na táillí a bheidh dosheachanta agus a bheidh intuartha tráth an fhoilsithe. De bhreis ar an léiriú ar an bpraghas deiridh, sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
an táille aeir nó an ráta aeir;
(b)
na cánacha;
(c)
na muirir aerfoirt; agus
(d)
aon mhuirir eile, aon fhomhuirir eile nó aon táillí eile, amhail na muirir, na fomhuirir nó na táillí a bhaineann le slándáil nó le breosla; i gcás inar cuireadh na hítimí a liostaítear faoi (b), faoi (c) agus faoi (d) leis an táille aeir nó leis an ráta aeir. Cuirfear na forlíonta roghnacha praghais in iúl ar bhealach soiléir, trédhearcach, neamhdhébhríoch i dtús aon phróisis áirithinte agus is ar bhonn ‘roghnaím é’ a ghlacfaidh an custaiméir leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|