+Airteagal 6
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí a tharchuirfear.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Déanfar gach iarracht réasúnta chun comhleanúnachas a áirithiú idir sonraí fuinnimh a dhearbhófar i gcomhréir le hIarscríbhinn B agus sonraí a dhearbhófar i gcomhréir le Cinneadh 2005/166/CE ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2005 lena leagtar síos na rialacha i ndáil le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (
1
).
|
|
Airteagal 6 3.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na gnéithe measúnachta cáilíochta seo a leanas i leith na sonraí a bheidh le tarchur:
(a)
tagróidh ‘ábharthacht’ don mhéid a fhreastalaíonn an staidreamh ar riachtanais reatha agus féideartha na n-úsáideoirí;
(b)
tagróidh ‘cruinneas’ do ghaireacht na meastachán do na fíorluachanna anaithnide;
(c)
tagróidh ‘tráthúlacht’ don aga moille idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air;
(d)
tagróidh ‘poncúlacht’ don aga moille idir dáta scaoilte na sonraí agus an spriocdháta faoinar chóir iad a bheith seachadta;
(e)
tagróidh ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléireacht’ do na coinníollacha agus do na modúlachtaí trína bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirmhíniú;
(f)
tagróidh ‘inchomparáideacht’ don tomhas ar thionchar na ndifríochtaí idir coincheapa feidhmeacha staidrimh agus uirlisí agus nósanna imeachta tomhais i gcás ina ndéantar comparáid idir staidreamh ó thaobh limistéar geografach nó fearann earnála, nó thar thréimhse ama;
(g)
tagróidh ‘comhleanúnachas’ dá leordhóthanaí atá na sonraí lena nascadh go hiontaofa ar bhealaí difriúla agus le haghaidh úsáidí éagsúla.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Gach cúig bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur agus maidir le haon athruithe modheolaíochta a rinneadh chomh maith.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Laistigh de shé mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), agus chun deis a thabhairt dó cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur chuig an gCoimsiún (Eurostat).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32008R1099
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|