|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh i dtaca le fuinneamh inathnuaite agus i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh an staidreamh seo inchomparáideach, trédhearcach, mionsonraithe agus solúbtha:
(a)
trí athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáidtear chun staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a chruthú d’fhonn staidreamh breise, ábhartha agus mionsonraithe a chur ar fáil i dtaca le gach foinse fuinnimh inathnuaite, go bliantúil agus ar shlí chostéifeachtach. Tíolacfaidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh a chruthófar ón mbliain 2010 (an bhliain thagartha) ar aghaidh agus scaipfidh sé an staidreamh sin;
(b)
tríd an mhodheolaíocht a bheidh in úsáid ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail i gcruthú an staidrimh maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh (foinsí, athróga, cáilíocht, costais) a athbhreithniú agus a shocrú bunaithe ar an staid reatha, ar staidéir atá ann cheana agus ar threoirstaidéir féidearthachta, chomh maith le hanailísí costais/sochair atá fós le déanamh, agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtreoirstaidéar agus na n-anailísí costais/sochair d’fhonn eochracha miondealaithe a bhunú do na fuinnimh deiridh de réir earnála agus de réir príomhúsáide fuinnimh agus na míreanna comhthoraidh a lánpháirtiú sa staidreamh de réir a chéile ón mbliain 2012 (an bhliain tagartha) ar aghaidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|