|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le soláthar tríd an méid seo a leanas:
(a)
conarthaí maidir le feithiclí iompair de bhóthar, arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis chonarthacha, a cheannach, a léasú, a ghlacadh ar cíos nó a fhruilcheannach a mhéid atá siad faoi oibleagáid na nósanna imeachta um sholáthar a leagtar amach i dTreoracha 2014/24/AE ( 2 ) agus 2014/25/AE ( 3 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm;
(b)
conarthaí seirbhíse poiblí de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) a bhfuil mar ábhar acu soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar os cionn tairseach a shocróidh na Ballstáit ach nach mó í ná an luach tairsí is infheidhme mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Rialachán sin;
(c)
conarthaí seirbhíse a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a mhéid atá na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha faoi oibleagáid na nósanna imeachta um sholáthar a leagtar amach i dTreoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE a chur i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir leis na conarthaí sin a ndearnadh an glao ar thairiscintí ina leith a sheoladh tar éis an 2 Lúnasa 2021 nó, i gcásanna nach bhforáiltear do ghlao ar thairiscintí, i gcás inar chuir an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach tús leis an nós imeachta um sholáthar tar éis an dáta sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|