Coimeádfaidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi phríomh-eilimintí a gcuid gréasán náisiúnta faisnéise comhshaoil, go háirithe sna réimsí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), lena n-áirítear aon institiúid a d’fhéadfadh, ina dtuairim, rannchuidiú le hobair na Gníomhaireachta, agus an gá lena áirithiú go bhfuil an cumhdach geografach is forleithne is féidir ann ar a gcríoch á chur san áireamh.
Comhoibreoidh na Ballstáit, de réir mar is cuí, leis an nGníomhaireacht agus rannchuideoidh siad le hobair an Ghréasán Eorpaigh um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol i gcomhréir le clár oibre na Gníomhaireachta trí na sonraí náisiúnta a bhailiú, a chóimheas agus a anailísiú.
Féadfaidh na Ballstáit teacht le chéile freisin chun comhoibriú a dhéanamh sna gníomhaíochtaí sin ar leibhéal trasnáisiúnta.